Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 66. Nós imeachta práinne
Íoslódáil PDF

Airteagal 66 RGCS (GDPR). Nós imeachta práinne

1. In imthosca eisceachtúla, má mheasann údarás maoirseachta lena mbaineann go bhfuil géarghá le gníomhú chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, féadfaidh sé, de mhaolú ar an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, 64 agus 65 nó de mhaolú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 60, bearta sealadacha a ghlacadh láithreach bonn, ar bearta iad a cheapfar chun go mbeadh éifeachtaí dlí acu ar a chríoch féin agus tréimhse bailíochta, nach mó ná trí mhí, a bheith sonraithe ina leith. Déanfaidh an t-údarás maoirseachta na bearta sin agus na cúiseanna lena nglacadh a chur in iúl gan mhoill do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, don Bhord agus don Choimisiún.

Téacsanna gaolmhara

2. I gcás ina bhfuil beart déanta ag údarás maoirseachta de bhun mhír 1 agus ina measann sé gur gá bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar bhonn práinne, féadfaidh sé tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ar an mBord, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim nó leis an gcinneadh sin a iarraidh.

3. Féadfaidh aon údarás maoirseachta tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach, de réir mar a bheidh, a iarraidh ar an mBord, i gcás nach bhfuil an beart cuí glactha ag údarás maoirseachta inniúil i gcásanna ina bhfuil gá práinneach le gníomhú, chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an tuairim sin nó leis an gcinneadh sin a iarraidh, lena n-áirítear leis an bpráinn atá le gníomhú.

4. De mhaolú ar Airteagal 64(3) agus ar Airteagal 65(2), glacfar tuairim phráinneach nó cinneadh ceangailteach práinneach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo laistigh de choicís, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird.

Téacsanna gaolmhara
Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(137) D'fhéadfadh sé go mbeadh gá práinneach le dul i mbun gnímh chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, go háirithe nuair a bheadh baol ann go gcuirfí isteach go mór ar fhorfheidhmiú na gceart de chuid ábhar sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart údarás maoirseachta a bheith in ann bearta sealadacha cuí-réasúnaithe a ghlacadh ar a chríoch agus tréimhse shonraithe bailíochta leo nár cheart a bheith níos faide ná trí mhí.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]