Navigáció
GDPR > Aithris 137
Letöltés PDF

Aithris 137

(137) D’fhéadfadh sé go mbeadh gá práinneach le dul i mbun gnímh chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint, go háirithe nuair a bheadh baol ann go gcuirfí isteach go mór ar fhorfheidhmiú na gceart de chuid ábhar sonraí.

Dá bhrí sin, ba cheart údarás maoirseachta a bheith in ann bearta sealadacha cuí-réasúnaithe a ghlacadh ar a chríoch agus tréimhse shonraithe bailíochta leo nár cheart a bheith níos faide ná trí mhí.