Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 53. Coinníollacha ginearálta do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta
Íoslódáil PDF

Airteagal 53 RGCS (GDPR). Coinníollacha ginearálta do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta

1. déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach comhalta dá n-údaráis maoirseachta le ceapadh trí nós imeachta trédhearcach agus gur ceann díobh seo a leanas a cheapfaidh é:

— a bparlaimint;

— a rialtas;

— a gceann Stáit; nó

— comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúraman ceapachán a dhéanamh faoi dhlí Ballstáit,

2. Beidh na cáilíochtaí, an taithí agus na scileanna is gá, go háirithe i réimse na cosanta sonraí pearsanta, ag gach comhalta d’fhonn na dualgais atá air a chomhlíonadh agus d’fhonn na cumhachtaí atá aige a fheidhmiú.

3. Tiocfaidh deireadh le dualgais an chomhalta má théann a théarma oifige in éag, má éiríonn sé as oifig nó i gcás scoir éigeantaigh, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

4. Ní dhéanfar comhalta a chur as oifig ach amháin i gcásanna mí-iompair thromchúisigh nó mura gcomhlíonann an comhalta a thuilleadh na coinníollacha atá riachtanach do chomhlíonadh na ndualgas.

Recitals Leave a comment
Recitals

(121) Ba cheart na coinníollacha ginearálta do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta a leagan síos le dlí i ngach Ballstát agus ba cheart foráil a dhéanamh leo, go háirithe, go ndéanfaidh parlaimint, rialtas nó ceannaire Stáit an Bhallstáit na comhaltaí sin a cheapadh, trí bhíthin nós imeachta trédhearcach, ar bhonn togra ón rialtas, ó chomhalta de chuid an rialtais, ón bparlaimint nó ó sheomra den pharlaimint, nó go ndéanfaidh comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúram faoi dhlí Ballstáit iad a cheapadh. D'fhonn neamhspleáchas an údaráis mhaoirseachta a áirithiú, ba cheart do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta gníomhú go hionraic, ba cheart dóibh staonadh ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus níor cheart dóibh gabháil d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó ná bíodh. Ba cheart a fhoireann féin a bheith ag an údarás maoirseachta, arna roghnú ag an údarás maoirseachta nó ag comhlacht neamhspleách arna bhunú le dlí Ballstáit, ar cheart dó bheith faoi réir stiúradh eisiach chomhalta nó chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta.

Leave a comment
[js-disqus]