Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 51. An t-údarás maoirseachta
Íoslódáil PDF

Airteagal 51 RGCS (GDPR). An t-údarás maoirseachta

1. Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).

Recitals

(117) Cuid fhíor-riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis mhaoirseachta a bhunú sna Ballstáit, ar údaráis iad a bhfuil an chumhacht acu a gcúraimí agus a gcumhachtaí a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bhunú, d'fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú.

2. Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.

3. I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mBallstát, ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mBord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.

Recitals

(119) I gcás ina mbunaíonn Ballstát roinnt údarás maoirseachta, ba cheart dó sásraí a bhunú le dlí chun rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás maoirseachta sin a áirithiú sa sásra comhsheasmhachta. Ba cheart don Bhallstát sin, go háirithe, an t-údarás maoirseachta a cheapadh a bheidh ina phríomhphointe teagmhála maidir le rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás sin sa sásra, chun comhar sciobtha rianúil a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún.

Téacsanna gaolmhara ССРА

4. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Recitals Leave a comment
Recitals

(117) Cuid fhíor-riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis mhaoirseachta a bhunú sna Ballstáit, ar údaráis iad a bhfuil an chumhacht acu a gcúraimí agus a gcumhachtaí a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bhunú, d'fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú.

(119) I gcás ina mbunaíonn Ballstát roinnt údarás maoirseachta, ba cheart dó sásraí a bhunú le dlí chun rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás maoirseachta sin a áirithiú sa sásra comhsheasmhachta. Ba cheart don Bhallstát sin, go háirithe, an t-údarás maoirseachta a cheapadh a bheidh ina phríomhphointe teagmhála maidir le rannpháirtíocht éifeachtach na n-údarás sin sa sásra, chun comhar sciobtha rianúil a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún.

Leave a comment
[js-disqus]