Навигация
Скачать в PDF

Aithris 117

(117) Cuid fhíor-riachtanach de chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta is ea údaráis mhaoirseachta a bhunú sna Ballstáit, ar údaráis iad a bhfuil an chumhacht acu a gcúraimí agus a gcumhachtaí a chomhlíonadh ar shlí atá go hiomlán neamhspleách.

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bhunú, d’fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú.