Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 44. Prionsabal ginearálta maidir le haistrithe
Íoslódáil PDF

Airteagal 44 RGCS (GDPR). Prionsabal ginearálta maidir le haistrithe

Aon sonraí pearsanta atá á bpróiseáil nó atá beartaithe lena bpróiseáil tar éis iad a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, ní dhéanfar iad a aistriú ach amháin má chomhlíonann an rialaitheoir agus an próiseálaí, faoi réir na bhforálacha eile atá sa Rialachán seo, na coinníollacha atá leagtha síos sa Chaibidil seo, lena n-áirítear na coinníollacha a bhaineann le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta eile. Cuirfear na forálacha ar fad sa Chaibidil seo i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbaintear an bonn den leibhéal cosanta do dhaoine nádúrtha a ráthaítear leis an Rialachán seo.

Tráchtaireacht ISO 27701 Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Tráchtaireacht
(EN) Author
Nastassia Parkhimovich
(EN) Nastassia Parkhimovich (EN) LLM, CIPP/E, GDPR DPP
(EN) GDPR Consultant
Siarhei Varankevich
(EN) Siarhei Varankevich CIPP/E, CIPM, CIPT, MBA, FIP
FIP_IAPP
(EN) Co-Founder & CEO of Data Privacy Office LLC. Data Protection Trainer and Principal Consultant
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraph to article 44 GDPR:

7.5.1 Identify basis for PII transfer between jurisdictions

Control

The organization should identify and document the relevant basis for transfers of PII between jurisdictions.

Implementation guidance

PII transfer can be subject to legislation and/or regulation depending on the jurisdiction or international organization to which data is to be transferred (and from where it originates).

(EN) […]


to read the full text

Recitals

(101) Tá gá le sreabha sonraí pearsanta chuig tíortha atá taobh amuigh den Aontas agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó na tíortha agus ó na heagraíochtaí sin chun trádáil idirnáisiúnta agus comhar idirnáisiúnta a leathnú amach. Tá dúshláin nua tagtha chun cinn mar gheall ar mhéadú i sreabha den sórt sin agus is cúis imní sin maidir le cosaint sonraí pearsanta. Nuair a aistrítear sonraí pearsanta ón Aontas chuig rialaitheoirí, próiseálaithe nó faighteoirí eile i dtríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, áfach, níor cheart an bonn a bhaint de leibhéal cosanta na ndaoine nádúrtha a ráthaítear san Aontas leis an Rialachán seo, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar sonraí pearsanta a aistriú ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig rialaitheoirí, próiseálaithe sa tríú tír chéanna nó i dtríú tír eile nó san eagraíocht idirnáisiúnta chéanna nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta. Ar aon nós, ní fhéadfar aistrithe chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanamh ach má chomhlíontar an Rialachán seo ina iomláine. Níorbh fhéidir aistriú a dhéanamh ach más rud é, faoi réir fhorálacha eile an Rialacháin seo, go ndéanann an rialaitheoir nó an próiseálaí na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

(102) Tá an Rialachán seo gan dochar do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha a rialaíonn aistriú sonraí pearsanta, lena n-áirítear coimircí iomchuí do na hábhair sonraí. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích a bhfuil aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta mar chuid díobh, fad nach ndéanann comhaontuithe den sórt sin difear don Rialachán seo ná d'aon fhorálacha eile de chuid dhlí an Aontais agus go n-áirítear leo leibhéal leordhóthanach cosanta do chearta bunúsacha na n-ábhar sonraí do na sonraí.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]