Navigation
GDPR > Aithris 101
Download PDF

Aithris 101

(101) Tá gá le sreabha sonraí pearsanta chuig tíortha atá taobh amuigh den Aontas agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó na tíortha agus ó na heagraíochtaí sin chun trádáil idirnáisiúnta agus comhar idirnáisiúnta a leathnú amach.

Tá dúshláin nua tagtha chun cinn mar gheall ar mhéadú i sreabha den sórt sin agus is cúis imní sin maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Nuair a aistrítear sonraí pearsanta ón Aontas chuig rialaitheoirí, próiseálaithe nó faighteoirí eile i dtríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, áfach, níor cheart an bonn a bhaint de leibhéal cosanta na ndaoine nádúrtha a ráthaítear san Aontas leis an Rialachán seo, lena n-áirítear i gcásanna ina ndéantar sonraí pearsanta a aistriú ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta chuig rialaitheoirí, próiseálaithe sa tríú tír chéanna nó i dtríú tír eile nó san eagraíocht idirnáisiúnta chéanna nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta.

Ar aon nós, ní fhéadfar aistrithe chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanamh ach má chomhlíontar an Rialachán seo ina iomláine.

Níorbh fhéidir aistriú a dhéanamh ach más rud é, faoi réir fhorálacha eile an Rialacháin seo, go ndéanann an rialaitheoir nó an próiseálaí na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.