Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 36. Réamhchomhairliúchán
Íoslódáil PDF

Airteagal 36 RGCS (GDPR). Réamhchomhairliúchán

1. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil i gcás ina léirítear sa mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí faoi Airteagal 35 gur dóchúil go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú.

2. I gcás ina measann an t-údarás maoirseachta go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 an Rialachán seo, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an t-údarás maoirseachta comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse ocht seachtaine ar a laghad ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, agus, nuair is infheidhme ar an bpróiseálaí, féadfaidh sé aon cheann de na cumhachtaí atá aige dá dtagraítear in Airteagal 58 a úsáid. Féadfar síneadh sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an t-údarás maoireseachta an rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, an próiseálaí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar na tréimhsí sin a chur ar fionraí go dtí go mbeidh faisnéis a d’iarr an t-údarás maoirseachta chun críocha an chomhairliúcháin faighte aige.

3. Nuair a rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás maoirseachta de bhun mhír 1, cuirfidh an rialaitheoir an méid a leanas ar fáil don údarás maoirseachta:

(a) nuair is infheidhme, freagrachtaí faoi seach an rialaitheora, na rialaitheoirí comhpháirteacha agus na bpróiseálaithe a dhéanann an phróiseáil, go háirithe le haghaidh próiseáil laistigh de ghrúpa gnólachtaí;

(b) críocha agus modhanna na próiseála beartaithe;

(c) na bearta agus coimircí dá bhforáiltear chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a chosaint de bhun an Rialacháin seo;

(d) nuair is infheidhme, sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;

(e) an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 35; agus

(f) aon fhaisnéis eile a iarrann an t-údarás maoirseachta.

4. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás maoirseachta agus togra á ullmhú acu le haghaidh bearta reachtacha atá le glacadh ag parlaimint náisiúnta nó le haghaidh beart rialála bunaithe ar bheart reachtach den sórt sin, a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta.

5. D’ainneoin mhír 2, féadfar, le dlí Ballstáit, a cheangal ar na rialaitheoirí dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta, agus údarú a fháil uaidh roimh ré, i dtaobh sonraí pearsanta a phróiseáil ionas go bhféadfadh an rialaitheoir cúram éigin a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear an phróiseáil i ndáil le coimirce shóisialta agus sláinte phoiblí.

ISO 27701 Recitals Leave a comment
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27001, section 4.2.

Here is the relevant paragraph to article 36 GDPR:

5.2.2 Understanding the needs and expectations of interested parties

The organization shall include among its interested parties (see ISO/IEC 27001:2013, 4.2), those parties having interests or responsibilities associated with the processing of PII, including the PII principals.

(EN) […]


to read the full text

Recitals

(94) I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha ag gabháil leis an bpróiseáil, in éagmais na gcoimircí, na mbeart slándála agus na sásraí a bheartaítear leis an riosca a mhaolú, agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir den tuairim nach bhféadfaí an riosca a mhaolú ar bhealach réasúnach ó thaobh na dteicneolaíochtaí atá ar fáil agus ó thaobh na gcostas chur chun feidhme, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula gcuirfí tús le gníomhaíochtaí próiseála. Is dóigh do dtiocfaidh ardriosca den sórt sin as cineálacha áirithe próiseála sonraí pearsanta agus as méid agus as minicíocht na próiseála, a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh freisin do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha nó a d'fhéadfadh cur as do chearta agus do shaoirsí an duine nádúrtha sin. Ba cheart don údarás maoirseachta freagairt don iarraidh ar chomhairliúchán laistigh de thréimhse shonraithe. Mura mbeidh freagairt ann ón údarás maoirseachta laistigh den tréimhse sin, ba cheart nár dhochar é sin d'aon idirghabháil ón údarás maoirseachta i gcomhréir leis na cúraimí sin atá air agus leis na cumhachtaí sin atá aige a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear an chumhacht cosc a chur ar oibríochtaí próiseála. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin sin, féadfar an toradh ar mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéantar maidir leis an bpróiseáil a chur faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta, go háirithe na bearta atá beartaithe leis an riosca do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nádúrtha a mhaolú.

(95) Ba cheart don phróiseálaí cuidiú leis an rialaitheoir, más gá agus arna iarraidh sin dó nó di, agus é á áirithiú ag an rialaitheoir go bhfuil na hoibleagáidí a eascraíonn as measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh agus as réamhchomhairliúchán leis an údarás maoirseachta á gcomhlíonadh.

(96) D'fhonn a áirithiú go bhfuil an phróiseáil a bheartaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, go háirithe, chun an riosca atá ann don ábhar sonraí a mhaolú, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta freisin agus beart reachtach nó beart rialála á ullmhú, ar beart é lena bhforáiltear do phróiseáil sonraí pearsanta.

Leave a comment
[js-disqus]