Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 21. An ceart chun agóid a dhéanamh
Íoslódáil PDF

Airteagal 21 RGCS (GDPR). An ceart chun agóid a dhéanamh

1. Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar phointe (e) nó nó ar phointe (f) d’Airteagal 6(1), lena n-áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin. Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

Tráchtaireacht
(EN) Author
Siarhei Varankevich
(EN) Siarhei Varankevich CIPP/E, CIPM, CIPT, MBA, FIP
FIP_IAPP
(EN) Co-Founder & CEO of Data Privacy Office LLC. Data Protection Trainer and Principal Consultant
Recitals

(69) I gcás inar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach siocair gur gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir nó ar mhaithe le leasanna dlisteanacha rialaitheora nó tríú páirtí, ba cheart d'ábhar sonraí a bheith i dteideal, mar sin féin, agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil aon sonraí pearsanta a bhaineann lena chás nó lena chás sonrach féin. Ba cheart gur faoin rialaitheoir a bheadh sé a thaispeáint go sáraíonn a leas tathantach dlisteanach leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí.

Téacsanna gaolmhara

2. I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha margaíocht dhíreach, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh am ar bith i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi chun críocha na margaíochta sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid is a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den chineál sin.

3. I gcás go ndéanfaidh an t-ábhar sonraí agóid i gcoinne próiseála chun críocha na margaíochta, ní dhéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críocha sin a thuilleadh.

Recitals

(70) I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun margaíocht dhíreach a dhéanamh, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den sórt sin, cé acu i dtaobh próiseáil thosaigh nó tuilleadh próiseála, tráth ar bith agus saor in aisce. Ba cheart an ceart sin a thabhairt go sainráite d'aire an ábhair sonraí agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid go soiléir agus é scartha amach ó aon fhaisnéis eile.

4. Ar a dhéanaí, ag an tráth a rachfar i dteagmháil den chéad uair leis an ábhar sonraí, déanfar an ceart dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a thabhairt go follasach ar aire don ábhar sonraí agus cuirfear faoina bhráid é go soiléir agus beidh sé scartha amach ó aon fhaisnéis eile.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraphs to article 21(4) GDPR:

7.3.2 Determining information for PII principals

Control

The organization should determine and document the information to be provided to PII principals regarding the processing of their PII and the timing of such a provision.

Implementation guidance

The organization should determine the legal, regulatory and/or business requirements for when information is to be provided to the PII principal (e.g. prior to processing, within a certain time from when it is requested, etc.) and for the type of information to be provided.

 

(EN) […]


to read the full text

5. I gcomhthéacs seirbhísí na sochaí faisnéise a úsáid, agus d’ainneoin Threoir 2002/58/CE, féadfaidh an t-ábhar sonraí a cheart nó a ceart chun agóid a dhéanamh a fheidhmiú trí mhodhanna uathoibrithe lena n-úsáidtear sonraíochtaí teicniúla.

6. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil, nó chun críocha staidrimh de bhun Airteagal 89(1), beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, agóid a dhéanamh i gcoinne sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin a phróiseáil, ach amháin i gcás gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail.

Téacsanna gaolmhara
Tráchtaireacht ISO 27701 Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Tráchtaireacht

(EN)

Data Subject Request Letter Sample

Concern: Request to stop processing my personal data

Dear Madam, Dear Sir,

You have data concerning me that I am asking you to stop processing…

(EN) […]


to read the full text

(EN) Author
Louis-Philippe Gratton
(EN) Louis-Philippe Gratton PhD, LLM
(EN) Privacy Expert
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraph to article 21 GDPR:

7.3.5 Providing mechanism to object to PII processing

Control

The organization should provide a mechanism for PII principals to object to the processing of their PII.

Implementation guidance

Some jurisdictions provide PII principals with a right to object to the processing of their PII.

(EN) […]


to read the full text

Recitals

(69) I gcás inar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach siocair gur gá an phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir nó ar mhaithe le leasanna dlisteanacha rialaitheora nó tríú páirtí, ba cheart d'ábhar sonraí a bheith i dteideal, mar sin féin, agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil aon sonraí pearsanta a bhaineann lena chás nó lena chás sonrach féin. Ba cheart gur faoin rialaitheoir a bheadh sé a thaispeáint go sáraíonn a leas tathantach dlisteanach leasanna nó cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí.

(70) I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun margaíocht dhíreach a dhéanamh, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den sórt sin, cé acu i dtaobh próiseáil thosaigh nó tuilleadh próiseála, tráth ar bith agus saor in aisce. Ba cheart an ceart sin a thabhairt go sainráite d'aire an ábhair sonraí agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid go soiléir agus é scartha amach ó aon fhaisnéis eile.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]