Navigation
GDPR > Aithris 70
Download PDF

Aithris 70

(70) I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun margaíocht dhíreach a dhéanamh, ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den sórt sin, cé acu i dtaobh próiseáil thosaigh nó tuilleadh próiseála, tráth ar bith agus saor in aisce.

Ba cheart an ceart sin a thabhairt go sainráite d’aire an ábhair sonraí agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid go soiléir agus é scartha amach ó aon fhaisnéis eile.