Комментарий эксперта
ISO 27701
Преамбулы
(51) Tá cosaint ar leith dlite do shonraí pearsanta ar de chineál fíor-íogair iad maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, toisc go bhféadfaí rioscaí suntasacha a chruthú do na cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha mar thoradh ar chomhthéacs a bpróiseála. Ba cheart a áireamh ar na sonraí pearsanta sin sonraí pearsanta lena nochttar tionscnamh ciníoch nó eitneach, ar an tuiscint nach é an bhrí a bhainfear as úsáid an téarma “tionscnamh eitneach” sa Rialachán seo go nglactar san Aontas le teoiricí lena ndéantar iarracht a chinneadh gur ann do chiníocha daonna ar leith. Níor cheart a mheas go córasach gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta atá i bpróiseáil grianghraf ós rud é go gcumhdaítear iad leis an sainmhíniú ar shonraí bithmhéadracha sa chás nuar a dhéantar iad a phróiseáil trí mhodh sonrach teicniúil lena gceadaítear sainaithint uathúil nó fíordheimhniú uathúil duine nádúrtha agus sa chás sin amháin. Níor cheart sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ach amháin má cheadaítear an phróiseáil i gcásanna sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, ag cur san áireamh gur féidir forálacha sonracha a leagan síos i ndlí an Bhallstáit sin maidir le cosaint sonraí d'fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sa Rialachán seo a chur in oiriúint chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil nó chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir. I dteannta na gceanglas sonrach maidir le próiseáil den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail ghinearálta agus ag na rialacha eile atá sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis na coinníollacha i ndáil le próiseáil dhleathach. Maoluithe ón toirmeasc ginearálta chun catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil, ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite dóibh, inter alia, i gcás ina dtugann an t-ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú sainráite nó maidir le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann comhlachais nó fondúireachtaí áirithe an phróiseáil le linn gníomhaíochtaí dlisteanacha arb é is críoch dóibh go gceadaítear saoirsí bunúsacha a fheidhmiú.
(52) Ba cheart maolú a cheadú ón toirmeasc ar phróiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta freisin i gcás ina bhforáiltear dó sin i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit agus faoi réir coimircí oiriúnacha, d'fhonn sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chosaint, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i réimse dhlí na fostaíochta, dhlí na coimirce sóisialta lena n-áirítear pinsin agus ar mhaithe le críocha shlándáil na sláinte, críocha faireacháin agus foláirimh, ar mhaithe le galair theagmhálacha agus bagairtí tromchúiseacha eile ar an tsláinte a chosc nó a rialú. Féadfar maolú den sórt sin a dhéanamh chun críocha na sláinte, lena n-áirítear an tsláinte phoiblí agus chun críocha bhainistiú na seirbhísí cúraim sláinte, go háirithe chun cáilíocht agus cost-éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis na nósanna imeachta a úsáidtear chun éilimh ar shochair agus ar sheirbhísí sa chóras árachais sláinte a réiteach, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh. Ba cheart a cheadú le maolú freisin go ndéanfaí sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil i gcás inarb iomchuí maidir le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, cibé acu in imeachtaí breithiúnacha nó i nósanna imeachta riaracháin nó nósanna imeachta lasmuigh den chúirt.
(53) Catagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhfuil cosaint níos airde dlite dóibh, ní fhéadfar iad a phróiseáil ach amháin chun críocha a bhaineann leis an tsláinte i gcás inar gá chun na críocha sin a bhaint amach chun tairbhe daoine nádúrtha agus na sochaí ina hiomláine, go háirithe i gcomhthéacs na seirbhísí agus na córais cúraim sláinte nó sóisialta a bhainistiú, lena n-áirítear na sonraí sin a bheith á bpróiseáil ag an mbainistíocht agus ag na húdaráis náisiúnta lárnacha chun críocha an rialaithe cáilíochta, an bhainistithe faisnéise agus na maoirseachta áitiúla agus náisiúnta ginearálta ar an gcóras cúraim sláinte nó sóisialta, agus chun leanúnachas a áirithiú maidir le cúram sláinte nó sóisialta agus maidir le cúram sláinte trasteorann nó an tslándáil sláinte thrasteorann nó chun críocha faireacháin agus foláirimh, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh ar bhonn dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, a bhfuil sé riachtanach cuspóir a bhaineann le leas an phobail a chomhlíonadh ina leith, agus le haghaidh staidéir a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do choinníollacha comhchuibhithe chun próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte, i ndáil le riachtanais shonracha, go háirithe i gcás ina ndéanann daoine atá faoi réir oibleagáid dhlíthiúil maidir le rúndacht ghairmiúil sonraí den sórt sin a phróiseáil chun críocha áirithe a bhaineann leis an tsláinte. Ba cheart foráil a dhéanamh, i ndlí an Aontais nó i ndlíBallstáit, do bhearta sonracha oiriúnacha sa chaoi go gcosnófar cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta daoine nádúrtha. Ba cheart a cheadú do na Ballstáit coinníollacha breise, lena n-áirítear teorainneacha, a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha nó sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseail. Mar sin féin, níor cheart dó sin bac a chur ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas nuair a bhíonn feidhm ag na coinníollacha sin maidir le próiseáil thrasteorann sonraí den sórt sin.
(54) D'fhéadfadh sé gur gá catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail i réimsí na sláinte poiblí gan toiliú ón ábhar onraí. Ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir bearta oiriúnacha sonracha ionas go gcosnófar cearta agus saoirsí daoine nádúrtha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart “sláinte phoiblí” a léiriú mar atá sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), eadhon na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte, eadhon stádas sláinte, lena n-áirítear galracht agus míchumas, na deitéarmanaint a bhfuil tionchar acu ar an stádas sláinte sin, riachtanais chúraim sláinte, acmhainní a leithdháiltear ar chúram sláinte, soláthar cúraim sláinte agus rochtain uilíoch air, chomh maith le caiteachas ar chúram sláinte agus maoiniú do chúram sláinte agus cúiseanna mortlaíochta. Maidir le sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, níor cheart é a bheith mar thoradh ar phróiseáil den sórt sin go ndéanfadh tríú páirtithe, amhail fostóirí nó cuideachtaí árachais agus baincéireachta, sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha eile.
(55) Ina theannta sin, is ar mhaithe le leas an phobail a dhéanann údaráis oifigiúla sonraí pearsanta a phróiseáil chun aidhmeanna na gcomhlachas reiligiúnach atá aitheanta go hoifigiúil a bhaint amach, ar aidhmeanna iad atá leagtha síos le dlí bunreachtúil nó le dlí idirnáisiúnta poiblí.
(56) I gcás ina gcuireann feidhmiú an chórais dhaonlathaigh i mBallstát, agus é i mbun gníomhaíochtaí toghcháin, de cheangal go dtiomsaíonn páirtithe polaitiúla sonraí pearsanta maidir le tuairimí polaitiúla na ndaoine, féadfar próiseáil sonraí den sórt sin a cheadú ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar choinníoll go mbunaítear coimircí iomchuí.
Руководство и прецедентное право
(EN)
Documents
Article 29 Working Party, Opinion 2/2010 on behavioural advertising (2010):
Any possible targeting of data subjects based on sensitive information opens the possibility of abuse. Furthermore, given the sensitivity of such information and the possible awkward situations which may arise if individuals receive advertising that reveals, for example, sexual preferences or political activity, offering/using interest categories that would reveal sensitive data should be discouraged.
In this context, the only available legal ground that would legitimize the data processing would be explicit, separate prior opt-in consent. The requirement for a separate, affirmative prior indication of the data subjects’ agreement means that in no case would an opt-out consent mechanism meet the requirement of the law. It also means that such consent could not be obtained through browser settings. To lawfully collect and process this type of information, ad network providers would have to set up mechanisms to obtain explicit prior consent, separate from other consent obtained for processing in general.
EDPB, Assessing the Necessity of Measures That Limit the Fundamental Right to the Protection of Personal Data: A Toolkit (2017).
WP29, Opinion on data processing at work (2017).
European Commission, Commission Guidance on the application of Union data protection law in the electoral context, A contribution from the European Commission to the Leaders’ meeting in Salzburg on 19-20 September 2018.
EDPB, Guidelines on Assessing the Proportionality of Measures That Limit the Fundamental Rights to Privacy and to the Protection of Personal Data (2019).
EDPB, Guidelines on the use of location data and contact tracing tools in the context of the COVID-19 outbreak (2020).
EDPB, Guidelines 8/2020 on the targeting of social media users (2020).
EDPB, Guidelines 3/2020 on the Processing of Data Concerning Health for the Purpose of Scientific Research in the Context of the Covid-19 Outbreak (2020).
EDPB, Guidelines 3/2019 on Processing of Personal Data through Video Devices (2020).
European Commission, Guidance on Apps supporting the fight against COVID 19 pandemic in relation to data protection Brussels (2020).
EDPB, Guidelines 02/2021 on Virtual Voice Assistants (2021).
Case Law
Grainger Plc v. Nicholson, [2010] ICR 360.
CJEC, Lindqvist, C-101/01 (2003).
Eur. Court HR (Grand Chamber), López Ribalda v. Spain, nos. 1874/13 and 8567/13 (2019).
Eur. Court HR, Gaughran v. United Kingdom, no. 45245/15 (2020).
Первое исключение основано на «явном согласии«. Согласие, предусмотренное в статье 9, отличается от общего понятия согласия, предусмотренного в статье 6, в одном важном аспекте: оно должно быть явно выражено соответствующим лицом. Следовательно, согласие должно быть свободно выраженным, конкретным, осознанным и недвусмысленным в соответствии с определением, содержащимся в статье 4 (11), и, помимо этих требований, оно должно быть «явно выраженным«.
Какая форма согласия считается «явно выраженной» и, следовательно, действительной в соответствии со статьей 9? Чувствительная природа соответствующих данных влечет за собой согласие, выходящее за рамки обычного «заявления или явного позитивного действия» [статья 4(11)] со стороны субъекта данных. Это означает, что субъект данных должен давать «прямое заявление о согласии» (Руководство по согласию) даже в том случае, если услуги предоставляются на договорной основе. Явно выраженное согласие необходимо, поскольку статья 9 (2) не предусматривает исключений по договору, на которые мог бы полагаться контролер.
В Руководстве по согласию предполагается, что может потребоваться письменное заявление или даже подписанное письменное заявление, несмотря на то, что GDPR не предписывает такую форму согласия. Подписанное согласие может быть релевантно, если данные о состоянии здоровья собираются, например, в контексте услуг, предлагаемых частной клиникой или домом престарелых. Пластическому хирургу может понадобиться собрать информацию о состоянии здоровья клиента или раскрыть данную информацию для того, чтобы запросить экспертное мнение одного из его коллег. Руководители дома престарелых должны будут собрать информацию о состоянии здоровья пенсионера, чтобы договориться о необходимых услугах, которые должны быть оказаны во время его пребывания.
Подписанное письменное заявление не так практично в цифровой или онлайн-среде. Как человек может дать согласие, если, например, он покупает билет на самолет онлайн и нуждается в специальной медицинской помощи во время посадки на рейс, во время полета или по прибытии в пункт назначения? Действительное согласие будет также трудно получить, если человек сделает онлайн-заказ на покупку специальных очков, так как продавец должен собрать связанную со здоровьем информацию о зрении покупателя и поделиться ею с производителем.
Простое следование по ссылке или отметка поля в приведенных примерах могут быть расценены как недостаточное согласие. Руководство по согласию рекомендуют другие формы согласия, такие как заполнение электронной формы, использование электронной подписи, запись устного заявления или проведение двухэтапной верификации (например, отметка поля в форме и последующее подтверждение согласия по электронной почте).
Статья 9 предписывает, что лицо должно давать согласие «для одной или нескольких конкретных целей«. Это требование выходит за рамки «конкретного» качества согласия, требуемого пунктом 11 статьи 4. Цели должны быть четко определены, что подразумевает, что согласие должно быть привязано к конкретным данным или точным категориям данных, которые контролер будет вправе обрабатывать.
Вы должны всегда помнить, что GDPR не является полным изложением законодательства о защите данных в конкретном государстве-члене ЕС. И это особенно релевантно в отношении защиты специальных категорий персональных данных, так как здесь имеют место исключения из исключений. Согласие является недействительным правовым основанием для обработки специальных категорий персональных данных, если в законодательстве государства запрещена отмена запрета на обработку специальных категорий персональных данных физическим лицом, что разрешено в соответствии с GDPR.