Навигация
GDPR > Airteagal 32. Slándáil na próiseála
Скачать в PDF

Airteagal 32 RGCS (GDPR). Slándáil na próiseála

1. Agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, lena n-áirítear, inter alia, de réir mar is iomchuí:

(a) ainm bréige a chur i bhfeidhm agus criptiú a dhéanamh i ndáil le sonraí pearsanta;

ISO 27701

ISO/IEC 27701, принятый в 2019, добавил дополнительное руководство к ISO/IEC 27002 для контролеров персональных данных (ПИИ).

Приводим соответствующий параграф к статье 32(1)(a) GDPR:

7.4.5 Деидентификация ПИИ и удаление в конце обработки

Средство управления

Организация должна либо удалить ПИИ, либо представить её в форме, которая не позволяет идентифицировать или повторно идентифицировать субъектов ПИИ, как только исходная ПИИ больше не нужна для определенных целей.

Руководство по внедрению

Организация должна иметь механизмы для удаления ПИИ, когда дальнейшая обработка не ожидается


для доступа к полному тексту

Руководство и прецедентное право

(b) an cumas rúndacht leanúnach, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú;

ISO 27701

ISO/IEC 27701, принятый в 2019, добавил дополнительное руководство к ISO/IEC 27002 для контролеров персональных данных (ПИИ).

Приводим соответствующий параграф к статье 32(1)(b) GDPR:

5.4.1.2 Оценка рисков информационной безопасности

1) Организация должна применять процесс оценки рисков информационной безопасности для выявления рисков, связанных с утратой конфиденциальности, целостности и доступности, в рамках PIMS.


для доступа к полному тексту

(c) an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil sa chás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

ISO 27701

ISO/IEC 27701, принятый в 2019, добавил дополнительное руководство к ISO/IEC 27002 для контролеров персональных данных (ПИИ).

Приводим соответствующий параграф к статье 32(1)(c) GDPR:

6.9.3.1 Резервное копирование информации

Организация должна иметь политику, которая учитывает требования к резервному копированию, восстановлению и восстановлению ПИИ (которые могут быть частью общей политики резервного копирования информации) и любые дополнительные требования (например, договорные и / или юридические требования) для удаления ПИИ, содержащуюся в информация хранится для резервных требований.


для доступа к полному тексту

(d) próiseas chun tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun slándáil na próiseála a áirithiú.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27002, section 18.2.1.

Here is the relevant paragraphs to article 32(1)(d) GDPR:

6.15.2.1 Independent review of information security

Implementation guidance

Where an organization is acting as a PII processor, and where individual customer audits are impractical or can increase risks to security, the organization should make available to customers, prior to entering into, and for the duration of, a contract, independent evidence that information security is implemented and operated in accordance with the organization’s policies and procedures.


для доступа к полному тексту

2. Agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, tabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.

ISO 27701

ISO/IEC 27701, принятый в 2019, добавил дополнительное руководство к ISO/IEC 27002 для контролеров персональных данных (ПИИ).

Приводим соответствующий параграф к статье 32(2) GDPR:

5.2.3 Определение области применения системы менеджмента информационной безопасности

При определении объема PIMS организация должна включать обработку ПИИ.
ПРИМЕЧАНИЕ.


для доступа к полному тексту

Преамбулы

(83) Chun an tslándáil a chothabháil agus chun cosc a chur ar phróiseáil de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann go bunúsach leis an bpróiseáil agus ba cheart dó bearta, amhail criptiú, a chur chun feidhme chun na rioscaí sin a mhaolú. Ba cheart leibhéal iomchuí slándála a áirithiú leis na bearta sin, lena n-áirítear rúndacht, agus aird á tabhairt ar staid na teicníochta agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme maidir leis na rioscaí agus le cineál na sonraí pearsanta atá le cosaint. Agus an riosca maidir le slándáil sonraí á mheasúnú, ba cheart breathnú ar na rioscaí a eascraíonn as próiseáil sonraí pearsanta, amhail scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach, agus ar rioscaí iad a d'fhéadfadh damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha go háirithe teacht astu.

3. Má chloítear le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

ISO 27701

ISO/IEC 27701, принятый в 2019, добавил дополнительное руководство к ISO/IEC 27002 для контролеров персональных данных (ПИИ).

Приводим соответствующий параграф к статье 32(3) GDPR:

5.2.1 Понимание организации и ее контекста

Организация должна определить внешние и внутренние факторы, которые имеют отношение к ее контексту и которые влияют на ее способность достигать запланированного результата (ов) ее PIMS.


для доступа к полному тексту

Связанные статьи

4. Déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta lena áirithiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, seachas más gá dó nó di sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit.

ISO 27701

ISO/IEC 27701, принятый в 2019, добавил дополнительное руководство к ISO/IEC 27002 для контролеров персональных данных (ПИИ).

Приводим соответствующий параграф к статье 32(3) GDPR:

7.2.1 Определение и документирование цели

Средство управления

Организация должна определить и задокументировать конкретные цели, для которых будет обрабатываться ПИИ.


для доступа к полному тексту

Преамбулы Руководство и прецедентное право Оставить комментарий
Преамбулы

(83) Chun an tslándáil a chothabháil agus chun cosc a chur ar phróiseáil de shárú ar an Rialachán seo, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann go bunúsach leis an bpróiseáil agus ba cheart dó bearta, amhail criptiú, a chur chun feidhme chun na rioscaí sin a mhaolú. Ba cheart leibhéal iomchuí slándála a áirithiú leis na bearta sin, lena n-áirítear rúndacht, agus aird á tabhairt ar staid na teicníochta agus ar na costais a bhaineann le cur chun feidhme maidir leis na rioscaí agus le cineál na sonraí pearsanta atá le cosaint. Agus an riosca maidir le slándáil sonraí á mheasúnú, ba cheart breathnú ar na rioscaí a eascraíonn as próiseáil sonraí pearsanta, amhail scrios, cailleadh, athrú, nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach éigin eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach, agus ar rioscaí iad a d'fhéadfadh damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha go háirithe teacht astu.

(74) Ba cheart freagracht agus dliteanas an rialaitheora a shuíomh maidir le haon phróiseáil a dhéanann an rialaitheoir ar shonraí pearsanta nó a dhéantar thar ceann an rialaitheora. Go háirithe, ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir bearta iomchuí éifeachtacha a chur chun feidhme agus a bheith in ann a thaispeáint go gcomhlíontar an Rialachán seo leis na gníomhaíochtaí próiseála, agus éifeachtacht na mbeart a léiriú freisin. Leis na bearta sin, ba cheart cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála a chur san áireamh agus an riosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha a chur san áireamh freisin.

(75) Maidir leis na rioscaí i dtaca le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta as damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha, go háirithe sna cásanna seo a leanas: i gcás ina n-eascródh idirdhealú, goid aitheantais nó calaois aitheantais, caillteanas airgeadais, damáiste don chlú, caillteanas rúndacht na sonraí pearsanta sin atá faoi chosaint de réir rúndacht ghairmiúil, aisiompú neamhúdaraithe cur i bhfeidhm ainm bréige, nó aon mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta eile atá suntasach as an bpróiseáil; i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfaí cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a cheilt orthu nó go gcoisfí iad ó rialú a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid sonraí pearsanta; i gcás ina ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le ciontuithe coiriúla agus cionta nó le bearta slándála gaolmhara; i gcás ina ndéantar meastóireacht ar ghnéithe pearsanta, go háirithe anailísiú nó tuar ar ghnéithe maidir le feidhmiú ag an obair, maidir leis an staid eacnamaíoch, sláinte, roghanna nó leas pearsanta, iontaofacht nó iompraíocht, suíomh nó gluaiseachtaí, chun próifílí pearsanta a chruthú nó a úsáid; i gcás ina ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha leochaileacha, go háirithe leanaí; nó i gcás ina bhfuil cainníocht mhór sonraí pearsanta i gceist leis an bpróiseáil agus ina mbíonn tionchar ag an bpróiseáil sin ar líon mór ábhar sonraí.

(76) Dóchúlacht agus déine an riosca sin maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, ba cheart an dóchúlacht agus an déine sin a chinneadh faoi threoir chineál, raon feidhme, chomhthéacs agus chríocha na próiseála sonraí. Ba cheart an riosca a mheas ar bhonn measúnú oibiachtúil, lena suitear an mbaineann riosca nó ardriosca le hoibríochtaí próiseála sonraí.

(77) Treoir maidir le bearta iomchuí a chur chun feidhme agus maidir lena thaispeáint go bhfuil siad á gcomhlíonadh ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí, go háirithe i ndáil leis na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil a shainaithint, measúnú a dhéanamh orthu i dtéarmaí tionscnaimh, cineáil, dóchúlachta agus déine, agus na cleachtais is fearr a shainaithint leis an riosca a mhaolú, d'fhéadfaí an treoir sin a chur ar fáil go háirithe trí bhíthin cóid fhormheasta iompair, deimhniúcháin fhormheasta, treoirlínte a chuireann an Bord ar fáil nó trí bhíthin léirithe a chuireann an t-oifigeach cosanta sonraí ar fáil. Féadfaidh an Bord treoirlínte a eisiúint freisin maidir le hoibríochtaí próiseála a meastar nach mbeadh ardriosca ag gabháil leo i ndáil le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha agus féadfaidh siad freisin na bearta a léiriú a d'fhéadfadh a bheith leordhóthanach i gcásanna den sórt sin chun aghaidh a thabhairt ar riosca den sórt sin.

Руководство и прецедентное право Оставить комментарий
[js-disqus]