Navigation
GDPR > Aithris 54
Download PDF

Aithris 54

(54) D’fhéadfadh sé gur gá catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail i réimsí na sláinte poiblí gan toiliú ón ábhar onraí.

Ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir bearta oiriúnacha sonracha ionas go gcosnófar cearta agus saoirsí daoine nádúrtha.

Sa chomhthéacs sin, ba cheart “sláinte phoiblí” a léiriú mar atá sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh.

1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), eadhon na heilimintí uile a bhaineann leis an tsláinte, eadhon stádas sláinte, lena n-áirítear galracht agus míchumas, na deitéarmanaint a bhfuil tionchar acu ar an stádas sláinte sin, riachtanais chúraim sláinte, acmhainní a leithdháiltear ar chúram sláinte, soláthar cúraim sláinte agus rochtain uilíoch air, chomh maith le caiteachas ar chúram sláinte agus maoiniú do chúram sláinte agus cúiseanna mortlaíochta.

Maidir le sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, níor cheart é a bheith mar thoradh ar phróiseáil den sórt sin go ndéanfadh tríú páirtithe, amhail fostóirí nó cuideachtaí árachais agus baincéireachta, sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha eile.

(11) Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lch. 70). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2008:354:TOC