Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 76

(76) Dóchúlacht agus déine an riosca sin maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, ba cheart an dóchúlacht agus an déine sin a chinneadh faoi threoir chineál, raon feidhme, chomhthéacs agus chríocha na próiseála sonraí.

Ba cheart an riosca a mheas ar bhonn measúnú oibiachtúil, lena suitear an mbaineann riosca nó ardriosca le hoibríochtaí próiseála sonraí.