Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 74

(74) Ba cheart freagracht agus dliteanas an rialaitheora a shuíomh maidir le haon phróiseáil a dhéanann an rialaitheoir ar shonraí pearsanta nó a dhéantar thar ceann an rialaitheora.

Go háirithe, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an rialaitheoir bearta iomchuí éifeachtacha a chur chun feidhme agus a bheith in ann a thaispeáint go gcomhlíontar an Rialachán seo leis na gníomhaíochtaí próiseála, agus éifeachtacht na mbeart a léiriú freisin.

Leis na bearta sin, ba cheart cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála a chur san áireamh agus an riosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha a chur san áireamh freisin.