Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 64

(64) Ba cheart don rialaitheoir gach beart réasúnta a dhéanamh le go bhfíorófar céannacht ábhair sonraí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar na sonraí sin, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí ar líne agus aitheantóirí ar líne.

Níor cheart do rialaitheoir sonraí pearsanta a choinneáil díreach ar mhaithe le freagairt d’iarrataí a d’fhéadfadh sé a fháil.