Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 62

(62) Ní gá, áfach, an oibleagáid a fhorchur faisnéis a chur ar fáil i gcás ina mbíonn an fhaisnéis ag an ábhar sonraí cheana, i gcás ina bhfuil taifeadadh nó nochtadh na sonraí pearsanta leagtha síos go sainráite le dlí nó i gcás ina bhfuil sé dodhéanta an fhaisnéis a chur ar fáil don ábhar sonraí nó ina mbeadh iarracht dhíréireach ag baint leis sin.

Sampla a d’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh go háirithe ó thaobh é a bheith dodhéanta déanamh amhlaidh nó ó thaobh iarracht dhíréireach ná, go háirithe, nuair a dhéantar an phróiseáil chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh.

I dtaca leis sin, ba cheart líon na n-ábhar sonraí do na sonraí, aois na sonraí agus aon choimircí iomchuí a glacadh a chur san áireamh.