Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 59

(59) Ba cheart módúlachtaí a chur ar fáil le go n-éascófar an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear sásraí chun, go háirithe, rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus chun an ceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh.

Ba cheart don rialaitheoir modhanna a chur ar fáil freisin lena bhféadfar iarrataí a dhéanamh go leictreonach, go háirithe i gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna leictreonacha.

Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an rialaitheoir iarrataí ón ábhar sonraí a fhreagairt gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin agus ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar an rialaitheoir cúiseanna a thabhairt mura mbeidh sé i gceist aige nó aici aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh.