Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 37

(37) Ba cheart gnóthas rialaitheach agus a ghnóthais atá faoi rialú a chumhdach faoi ghrúpa gnóthas, agus ba cheart, dá réir sin, don ghnóthas rialaitheach a bheith in ann tionchar ceannasach a imirt ar na gnóthais eile de bhua úinéireachta, mar shampla, nó de bhua rannpháirtíocht airgeadais nó na rialacha lena rialaítear an rannpháirtíocht sin nó de bhua na cumhachta chun rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a chur chun feidhme.

Comhlacht lárnach a dhéanann rialú ar phróiseáil sonraí pearsanta i ngnóthais atá cleamhnaithe leis, ba cheart féachaint air, i dteannta na ngnóthas sin, mar ghrúpa gnóthas.