Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 29
Íoslódáil PDF

Aithris 29

(29) Chun go gcruthófar dreasachtaí do chur i bhfeidhm ainm bhréige tráth a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart deis a bheith ag an rialaitheoir céanna bearta le haghaidh ainm bréige a chur i bhfeidhm, cé go gceadaítear anailís ghinearálta ag an am céanna, má tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla glactha ag an rialaitheoir sin ar gá iad chun a áirithiú, don phróiseáil lena mbaineann, go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme, agus a áirithiú go gcoimeádtar i leataobh faisnéis bhreise le haghaidh na sonraí pearsanta a shannadh d’ ábhar sonraí ar leith.

Ba cheart don rialaitheoir a phróiseálann na sonraí pearsanta na daoine údaraithe ar de chuid an rialaitheora chéanna iad a lua.