(173) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hábhair uile a bhaineann le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, ar ábhair iad nach bhfuil faoi réir oibleagáidí sonracha a bhfuil an cuspóir céanna acu is atá leagtha amach i dTreoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena n-áirítear na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus cearta daoine nádúrtha.
Chun an gaol idir an Rialachán seo agus Treoir 2002/58/CE a shoiléiriú, ba cheart an Treoir sin a leasú dá réir sin.
A luaithe agus a ghlacfar an Rialachán seo, ba cheart Treoir 2002/58/CE a athbhreithniú go háirithe chun comhréireacht leis an Rialachán seo a áirithiú,
(18) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2002:201:TOC