Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 17

(17) Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh.

45/2001 agus na gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin ar shonraí pearsanta a chur in oiriúint do na prionsabail agus do na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo agus a chur i bhfeidhm i bhfianaise an Rialacháin seo.

D’fhonn creat láidir, comhtháite cosanta sonraí a chur ar fáil san Aontas, ba cheart na hoiriúnuithe riachtanacha ar Rialachán (CE) Uimh.

45/2001 a dhéanamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, d’fhonn go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an Rialachán seo.

(6) Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2001:008:TOC