Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 163

(163) Ba cheart cosaint a dhéanamh ar an bhfaisnéis rúnda a bhailíonn an tAontas agus na húdaráis náisiúnta staidrimh chun staidreamh Eorpach oifigiúil agus staidreamh náisiúnta oifigiúil a tháirgeadh.

Ba cheart staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh mar a leagtar amach in Airteagal 338(2) CFAE, agus ba cheart do staidreamh náisiúnta dlí Ballstáit a chomhlíonadh.

Le Rialachán (CE) Uimh.

223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), foráiltear do thuilleadh sonraíochtaí maidir le rúndacht staidrimh do staidreamh Eorpach.

(16) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2009:087:TOC