Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 149

(149) Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na rialacha maidir le pionóis choiriúla a leagan síos do sháruithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear do sháruithe ar rialacha náisiúnta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo agus laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo.

Féadfar ceadú faoi na pionóis choiriúla sin freisin go gcaillfear na brabúis a fhaightear trí sháruithe ar an Rialachán seo.

Níor cheart, áfach, gurb é an toradh a bheadh ar phionóis choiriúla a fhorchur le haghaidh sáruithe ar rialacha náisiúnta den sórt sin agus a bheadh ar phionóis riaracháin a fhorchur go sárófaí prionsabal ne bis in idem, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais é.