Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 135

(135) Chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart sásra comhsheasmhachta le haghaidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta a bhunú.

Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra sin go háirithe i gcás ina mbeartaíonn údarás maoirseachta beart a ghlacadh a cheaptar chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige maidir le hoibríochtaí próiseála lena ndéantar difear substaintiúil do líon suntasach ábhar sonraí i mBallstáit éagsúla.

Ba cheart feidhm a bheith aige freisin i gcás ina n-iarrann aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó an Coimisiún go ndéanfaíábhar den sórt a láimhseáil sin faoi chuimsiú an tsásra comhsheasmhachta.

Ba cheart an sásra sin a bheith gan dochar d’aon bhearta a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi na Conarthaí.