Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 123

(123) Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin ar fud an Aontais, d’fhonn daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú laistigh den mhargadh inmheánach.

Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta comhoibriú lena chéile agus leis an gCoimisiún, agus gan gá ar bith le comhaontú idir Ballstáit maidir le cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil ná le comhar den sórt sin.