Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 95. An gaol le Treoir 2002/58/CE
Íoslódáil PDF

Airteagal 95 RGCS (GDPR). An gaol le Treoir 2002/58/CE

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo oibleagáidí breise a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le próiseáil i dtaobh soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chuirtear ar fáil go poiblí i líonraí cumarsáide poiblí san Aontas, maidir le hábhair a bhfuil siad faoi réir oibleagáidí sonracha ina dtaobh a bhfuil an chríoch chéanna leo is atá leagtha amach i dTreoir 2002/58/CE.

Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(173) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na hábhair uile a bhaineann le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, ar ábhair iad nach bhfuil faoi réir oibleagáidí sonracha a bhfuil an cuspóir céanna acu is atá leagtha amach i dTreoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), lena n-áirítear na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus cearta daoine nádúrtha. Chun an gaol idir an Rialachán seo agus Treoir 2002/58/CE a shoiléiriú, ba cheart an Treoir sin a leasú dá réir sin. A luaithe agus a ghlacfar an Rialachán seo, ba cheart Treoir 2002/58/CE a athbhreithniú go háirithe chun comhréireacht leis an Rialachán seo a áirithiú,

(18) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2002:201:TOC

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]