Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 87. An uimhir aitheantais náisiúnta a phróiseáil
Íoslódáil PDF

Airteagal 87 RGCS (GDPR). An uimhir aitheantais náisiúnta a phróiseáil

Féadfaidh na Ballstáit na coinníollacha sonracha a chinneadh chomh maith faoina bpróiseálfar uimhir aitheantais náisiúnta nó aon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta leis. Sa chás sin, ní úsáidfear an uimhir aitheantais náisiúnta nó aon aitheantóir eile a bhfuil feidhm ghinearálta leis ach amháin faoi na coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí de bhun an Rialacháin seo.