Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 83. Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh
Íoslódáil PDF

Airteagal 83 RGCS (GDPR). Coinníollacha ginearálta maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh

1. Áiritheoidh gach údarás maoirseachta, maidir le fíneálacha riaracháin a ghearradh de bhun an Airteagail seo i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 4, i mír agus i mír 6 go mbeidh an gearradh sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach i ngach cás aonair.

2. Gearrfar fíneálacha riaracháin, ag brath ar dhálaí gach cáis aonair, de bhreis ar bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h) agus i bpointe (j) d’Airteagal 58(2) nó ina n-ionad. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh an ngearrfar fíneáil riaracháin agus nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:

Téacsanna gaolmhara

(a) cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus cineál, raon feidhme nó cuspóir na próiseála lena mbaineann á gcur san áireamh chomh maith le líon na n-ábhar sonraí do shonraí a ndearnadh difear dóibh agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;

(b) cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí;

(c) aon ghníomhaíocht a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí chun an damáiste a bhain do na hábhair sonraí a mhaolú;

(d) méid na freagrachta atá ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir siad chun feidhme de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 32 á gcur san áireamh;

Téacsanna gaolmhara

(e) aon sáruithe ábhartha a rinne an rialaitheoir nó an próiseálaí roimhe seo;

(f) a mhéid comhair a bhí ann leis an údarás maoirseachta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;

(g) na catagóirí de shonraí pearsanta a ndearna an sárú difear dóibh;

(h) an bealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an rialaitheoir nó an próiseálaí an sárú in iúl, agus má rinne, a mhéid a cuireadh in iúl é;

(i) i gcás inar ordaíodh bearta dá dtagraítear in Airteagal 58(2) i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí lena mbaineann maidir leis an ábhar céanna roimhe sin, ar comhlíonadh na bearta sin;

Téacsanna gaolmhara

(j) a mhéid a gcloítear le cóid iompair formheasta de bhun Airteagal 40 nó sásraí deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42; agus

(k) aon imthosca ghéaraitheacha nó mhaolaitheacha eile is infheidhme i leith dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú.

3. Más rud é go sáraíonn rialaitheoir nó próiseálaí, d’aon ghnó nó le faillí, maidir leis na hoibríochtaí céanna próiseála, nó maidir le hoibríochtaí nasctha, roinnt forálacha den Rialachán seo, ní rachaidh méid iomlán na fíneála riaracháin thar an méid a shonraítear i leith an tsáraithe is tromchúisí.

4. Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2a, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 2 &#37 de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

Dlí Treoirlínte & Cásanna

(a) na hoibleagáidí atá ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí de bhun Airteagal 8, Airteagal 11, Airteagal 25 go hAirteagal 26 agus Airteagal 42 agus Airteagal 43;

Téacsanna gaolmhara

(b) na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43;

(c) na hoibleagáidí atá ar an gcomhlacht faireacháin de bhun Airteagal 41(4);

Téacsanna gaolmhara

5. Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas, de réir mhír 2, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 &#37 de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

Dlí Treoirlínte & Cásanna

(a) na bunphrionsabail le haghaidh próiseála, lena n-áirítear coinníollacha maidir le toiliú, de bhun Airteagail 5, 6, 7 agus 9;

Téacsanna gaolmhara

(b) cearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagail 12-22;

Téacsanna gaolmhara

(c) aistrithe sonraí pearsanta chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 44 go hAirteagal 49;

Téacsanna gaolmhara

(d) aon oibleagáidí de bhun dlí Ballstáit arna nglacadh faoi Chaibidil IX;

(e) neamh-chomhlíonadh ordaithe nó teorannaithe shealadaigh nó chinntithigh ar phróiseáil nó fionraí na sreabh sonraí ag an údarás maoirseachta de bhun Airteagal 58(2) nó mainneachtain rochtain a sholáthar de shárú ar Airteagal 58(1).

Téacsanna gaolmhara

6. Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag an údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 58(2), i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás fiontair, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:

Téacsanna gaolmhara

7. Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 58(2), féadfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.

Téacsanna gaolmhara

8. Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.

9. I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na mire seo faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.

Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(148) D'fhonn forfheidhmiú rialacha an Rialacháin seo a neartú, ba cheart pionóis, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, a fhorchur má dhéantar aon sárú ar an Rialachán, de bhreis ar na bearta iomchuí sin a fhorchuireann an t-údarás maoirseachta de bhun an Rialacháin seo nó in ionad na mbeart sin. I gcás mionsáruithe nó más rud é go mbeadh an fhíneáil ar dóigh go bhforchuirfí ina ualach díréireach ar dhuine nádúrtha, féadfar iomardú a eisiúint in ionad fíneála. Mar sin féin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar chineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe, ar ghné intinniúil an tsáraithe, ar na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an damáiste a fulaingíodh a mhaolú, ar mhéid freagrachta nó ar aon sáruithe ábhartha roimhe sin, ar an mbealach ina bhfuair an t-údarás maoirseachta eolas faoin sárú, ar chomhlíonadh na mbeart a ordaíodh i gcoinne an rialaitheora nó an phróiseálaí, ar chloí le cód iompair agus ar aon ghné ghéaraitheach nó aon ghné mhaolaitheach eile. Ba cheart forchur pionós, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, a bheith faoi réir coimircí iomchuí nós imeachta i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus i gcomhréir leis an gCairt, lena n-áirítear cosaint éifeachtach bhreithiúnach agus próis chuí.

(150) Chun pionóis riaracháin a neartú agus a chomhchuibhiú le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás maoirseachta fíneálacha riaracháin a ghearradh. Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo sáruithe agus an uasteorainn agus na critéir chun na fíneálacha riaracháin a bhaineann leo a shocrú, ar cheart don údarás maoirseachta inniúil iad a chinneadh i ngach cás aonair, agus na himthosca ábhartha uile den staid shonrach á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar na bearta a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iarmhairtí an tsáraithe a chosc nó a mhaolú. I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar ghnóthas, ba cheart gnóthas a thuiscint mar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE chun na gcríoch sin. I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás maoirseachta aird a thabhairt ar an leibhéal ginearálta ioncaim sa Bhallstát chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas aige. Féadfar an sásra comhsheasmhachta a úsáid freisin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach fíneálacha riaracháin a chur chun cinn. Ba cheart gur faoin mBallstát a bheadh sé cinneadh a dhéanamh ar cheart d'údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin agus a mhéid ba cheart dóibh a bheith faoi réir na bhfíneálacha sin. Le fíneáil riaracháin a ghearradh nó le foláireamh a thabhairt, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile de chuid na n-údarás maoirseachta ná do chur i bhfeidhm pionós eile faoin Rialachán seo.

(151) Le córas dlí na Danmhairge agus le córas dlí na hEastóine, ní cheadaítear fíneálacha riaracháin mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm ar chaoi go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla an fhíneáil a ghearradh mar phionós coiriúil, i gcás na Danmhairge, agus go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta an fhíneáil a ghearradh faoi chreat nós imeachta maidir le hoilghníomh, i gcás na hEastóine, ar an gcoinníoll gurb ionann an éifeacht a bheadh ag cur i bhfeidhm na rialacha ar an gcaoi sin sna Ballstáit sin agus an éifeacht a bheadh ag fíneálacha riaracháin arna ngearradh ag údaráis mhaoirseachta. Dá bhrí sin, ba cheart do na cúirteanna náisiúnta inniúla aird a thabhairt ar an moladh ón údarás maoirseachta a thionscnaíonn an fhíneáil. Ar aon chaoi, ba cheart na fíneálacha a ghearrtar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]