Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 79. An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí
Íoslódáil PDF

Airteagal 79 RGCS (GDPR). An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí

1. Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n-áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 77, beidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag gach ábhar sonraí i gcás ina measann sé nó sí gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí paearsanta nóa sonraí pearsanta i nemahchomhlíonadh an Rialachain seo.

Téacsanna gaolmhara

2. Tionscnófar imeachtaí i gcoinne rialaitheoir nó próiseálaí os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí. De rogha air sin, féadfar na himeachtaí sin a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí.

Recitals Leave a comment
Recitals

(145) Maidir le himeachtaí i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, ba cheart rogha a bheith ag an ngearánaí caingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna sna Ballstáit ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí nó sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ábhar sonraí, ach amháin más údarás poiblí de chuid Ballstáit atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a chumhachtaí poiblí é an rialaitheoir.

Leave a comment
[js-disqus]