Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 76. Rúndacht
Íoslódáil PDF

Airteagal 76 RGCS (GDPR). Rúndacht

1. Beidh plé an Bhoird faoi rún i gcás go measann an Bord gur gá sin, de réir mar a bhforáiltear dó sin ina rialacha nós imeachta.

2. Le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) rialófar rochtain ar dhoiciméid a chuirfear faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird, agus a chuirfear faoi bhráid saineolaithe agus ionadaithe tríú páirtithe.

(21) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2001:145:TOC