Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 72. Nós imeachta
Íoslódáil PDF

Airteagal 72 RGCS (GDPR). Nós imeachta

1. Déanfaidh an Bord a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.

2. Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus eagróidh sé a shocruithe oibríochtúla féin.