Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 58. Cumhachtaí
Íoslódáil PDF

Airteagal 58 RGCS (GDPR). Cumhachtaí

1. Beidh na cumhachtaí imscrúdaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a) ordú a thabhairt don rialaitheoir agus don phróiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, d’ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, aon fhaisnéis a éilíonn sé ar mhaithe lena chúraimí a chomhlíonadh a chur ar fáil dó;

(b) imscrúduithe a dhéanamh i bhfoirm iniúchtaí ar chosaint sonraí;

(c) athbhreithniú a dhéanamh ar dheimhnithe a eisíodh de bhun Airteagal 42(7);

Téacsanna gaolmhara

(d) fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí faoi shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar an Rialachán seo;

(e) rochtain a fháil, ón rialaitheoir agus ón bpróiseálaí, ar na sonraí pearsanta ar fad agus ar gach faisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh; agus

(f) rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid an rialaitheora agus an phróiseálaí, lena n-áirítear ar aon trealamh agus ar aon mhodh próiseála sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí nós imeachta náisiúnta Ballstáit.

2. Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a) fógraí rabhaidh a thabhairt do rialaitheoir nó do phróiseálaí ina gcuirtear in iúl gur dóchúil go sárófar forálacha an Rialacháin seo leis na hoibríochtaí próiseála a bheartaítear;

(b) iomarduithe a eisiúint do rialaitheoir nó do phróiseálaí i gcás ina bhfuil oibríochtaí próiseála tar éis forálacha an Rialacháin seo a shárú;

(c) ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo;

(d) ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(e) ordú a thabhairt don rialaitheoir sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí;

(f) teorainn shealadach nó bhuan a fhorchur lena n-áirítear cosc ar phróiseáil;

(g) ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil a shrianadh de bhun Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 agus go gcuirfí na faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19;

Téacsanna gaolmhara

(h) deimhniú a tharraingt siar nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin deimhniú a tharraingt siar ar deimhniú é a eisíodh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43, nó ordú a thabhairt don chomhlacht deimhniúcháin gan deimhniú a eisiúint mura bhfuil na ceanglais don deimhniú á gcomhlíonadh nó mura bhfuil siad á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(i) fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n-ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith; agus

(j) ordú a thabhairt sreabha sonraí chuig faighteoir i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a fhionraí.

3. Beidh na cumhachtaí údaraithe agus comhairleacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

(a) comhairle a thabhairt don rialaitheoir i gcomhréir leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36;

(b) tuairimí a thabhairt, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, don pharlaimint náisiúnta, do rialtas an Bhallstáit nó, i gcomhréir lei dlí Ballstáit, do na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile agus don phobal, maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta;

(c) próiseáil dá dtagraítear in Airteagal 36(5) a údarú, má tá réamhúdarú den sórt sin riachtanach i ndlí an Bhallstáit;

Téacsanna gaolmhara

(d) tuairim a thabhairt agus dréachtchóid iompair a fhormheas de bhun Airteagal 40(5);

Téacsanna gaolmhara

(e) comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú de bhun Airteagal 43;

(f) deimhnithe a eisiúint agus critéir deimhniúcháin a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 42(5);

Téacsanna gaolmhara

(g) clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d’Airteagal 46(2) a ghlacadh;

Téacsanna gaolmhara

(h) clásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 46(3) a údarú;

Téacsanna gaolmhara

(i) socruithe riaracháin dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 46(3) a údarú;

Téacsanna gaolmhara

(j) rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47.

4. Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thabharfar don údarás maoirseachta de bhun an Airteagail seo faoi réir coimircí iomchuí, lena n-áirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí, atá leagtha síos i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit i gcomhréir leis an gCairt.

5. Forálfaidh gach Ballstát le dlí go mbeidh de chumhacht ag a údarás maoirseachta sáruithe ar an Rialachán seo a thabahirt os comhair na n-údarás breithiúnach agus, i gcás inarb iomchuí, imeachtaí dlíthiúla a thosú nó dul ina mbun ar bhealach eile d’fhonn forálacha an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú.

6. Féadfaidh gach Ballstát a fhoráil le dlí go mbeidh cumhachtaí breise ag a údarás maoirseachta chomh maith leo siúd dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3. Ní chuirfidh oibriú na gcumhachtaí sin isteach ar fheidhmiú éifeachtach Chaibidil VII.

Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(129) D'fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaithe, cumhachtaí ceartaitheacha agus pionóis, agus cumhachtaí údaraithe agus comhairliúcháin, go háirithe i gcásanna gearán ó dhaoine nádúrtha, agus gan dochar do chumhachtaí na n-údarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Ba cheart a áireamh ar chumhachtaí den sórt sin freisin an chumhacht teorainn shealadach nó teorainn bhuan, lena n-áirítear toirmeasc, a fhorchur ar phróiseáil. Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a shonrú a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Maidir leis na cumhachtaí sin atá ag na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le coimircí iomchuí nós imeachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit, ar bhealach atá neamhchlaon agus cóir agus laistigh de thréimhse réasúnach ama. Ba cheart, go háirithe, gach beart a bheith iomchuí, riachtanach agus comhréireach d'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar dhálaí gach cáis faoi leith, an ceart atá gach duine chun éisteacht a fháil a urramú sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó nó di agus costais iomarcacha agus míchaoithiúlachtaí thar meán a sheachaint do na daoine lena mbaineann. Ba cheart cumhachtaí imscrúdaithe a bhaineann le rochtain ar áitreabh a fheidhmiú i gcomhréir le ceanglais shonracha i ndlí nós imeachta Ballstáit, amhail an ceanglas maidir le réamhúdarú breithiúnach a fháil. Maidir le gach beart a dhéanann an t-údarás maoirseachta atá ceangailteach de réir dlí, ba cheart dó a bheith i scríbhinn agus a bheith soiléir agus gan athbhrí, ba cheart a shonrú leis an t-údarás maoirseachta a d'eisigh an beart agus dáta eisiúna an bhirt, ba cheart é a bheith sínithe ag ceannaire an údaráis mhaoirseachta nó ag comhalta de chuid an údaráis mhaoirseachta arna údarú ag an gceannaire, ba cheart na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, agus ba cheart freisin tagairt a dhéanamh don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil. Níor cheart, leis an méid sin, cosc a chur ar cheanglais bhreise de bhun dlí nós imeachta Ballstáit. Le cinneadh ceangailteach de réir dlí a ghlacadh, tugtar le tuiscint go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hathbhreithniú breithiúnach i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a ghlac an cinneadh.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]