Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 55. Inniúlacht
Íoslódáil PDF

Airteagal 55 RGCS (GDPR). Inniúlacht

1. Beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun na cúraimí a sannadh dó a chomhlíonadh agus na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ar chríoch a Bhallstáit féin.

2. I gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a bheidh ag gníomhú ar bhonn phointe (c) nó phointe (e) d’Airteagal 6(1) a dhéanfaidh an phróiseáil, is é údarás maoirseachta an Bhallstáit lena mbaineann a bheidh inniúil. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 56.

Téacsanna gaolmhara

3. Ní bheidh údaráis mhaoirseachta inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála cúirteanna atá ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.

Recitals Leave a comment
Recitals

(122) Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí a thugtar dó agus na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart a chumhdach leis sin, go háirithe, an phróiseáil i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí bunaíochta an rialaitheora nó an phróiseálaí ar chríoch a Bhallstáit féin, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh chun leas an phobail, próiseáil lena ndéantar difear d'ábhair sonraí ar a chríoch nó próiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas le linn dó díriú ar na hábhair sonraí atá ina gcónaí ina chríoch. Ba cheart a áireamh leis sin gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí a láimhseáil, imscrúduithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feasacht an phobail a chur chun cinn maidir le rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta.

Leave a comment
[js-disqus]