Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 52. Neamhspleáchas
Íoslódáil PDF

Airteagal 52 RGCS (GDPR). Neamhspleáchas

1. Agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.

2. Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.

3. Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d’aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.

4. Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.

5. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh ag comhalta nó comhaltaí an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

6. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.

Recitals Leave a comment
Recitals

(118) Níor cheart a thabhairt le tuiscint, toisc údaráis mhaoirseachta a bheith neamhspleách, nach féidir iad a bheith faoi réir sásraí rialaithe nó sásraí faireacháin maidir lena gcaiteachas airgeadais nó faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

(120) Ba cheart na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna, an t-áitreabh agus an bonneagar atá riachtanach chun go gcomhlíonfaidh siad a gcúraimí go héifeachtach a chur ar fáil do gach údarás maoirseachta, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le cúnamh frithpháirteach agus leis an gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile ar fud an Aontais. Ba cheart do gach údarás maoirseachta buiséad bliantúil poiblí ar leith a bheith aige, ar buiséad é a d'fhéadfadh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó mar chuid den bhuiséad náisiúnta foriomlán.

(121) Ba cheart na coinníollacha ginearálta do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta a leagan síos le dlí i ngach Ballstát agus ba cheart foráil a dhéanamh leo, go háirithe, go ndéanfaidh parlaimint, rialtas nó ceannaire Stáit an Bhallstáit na comhaltaí sin a cheapadh, trí bhíthin nós imeachta trédhearcach, ar bhonn togra ón rialtas, ó chomhalta de chuid an rialtais, ón bparlaimint nó ó sheomra den pharlaimint, nó go ndéanfaidh comhlacht neamhspleách ar a gcuirtear de chúram faoi dhlí Ballstáit iad a cheapadh. D'fhonn neamhspleáchas an údaráis mhaoirseachta a áirithiú, ba cheart do chomhalta nó do chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta gníomhú go hionraic, ba cheart dóibh staonadh ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus níor cheart dóibh gabháil d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó ná bíodh. Ba cheart a fhoireann féin a bheith ag an údarás maoirseachta, arna roghnú ag an údarás maoirseachta nó ag comhlacht neamhspleách arna bhunú le dlí Ballstáit, ar cheart dó bheith faoi réir stiúradh eisiach chomhalta nó chomhaltaí an údaráis mhaoirseachta.

Leave a comment
[js-disqus]