Navigáció
GDPR > Aithris 120
Letöltés PDF

Aithris 120

(120) Ba cheart na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní daonna, an t-áitreabh agus an bonneagar atá riachtanach chun go gcomhlíonfaidh siad a gcúraimí go héifeachtach a chur ar fáil do gach údarás maoirseachta, lena n-áirítear na cinn a bhaineann le cúnamh frithpháirteach agus leis an gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile ar fud an Aontais.

Ba cheart do gach údarás maoirseachta buiséad bliantúil poiblí ar leith a bheith aige, ar buiséad é a d’fhéadfadh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó mar chuid den bhuiséad náisiúnta foriomlán.