Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 50. Comhar idirnáisiúnta chun sonraí pearsana a chosaint
Íoslódáil PDF

Airteagal 50 RGCS (GDPR). Comhar idirnáisiúnta chun sonraí pearsana a chosaint

Maidir le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, déanfaidh an Coimisiún agus údaráis mhaoirseachta bearta iomchuí:

(a) chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun forfheidhmiú éifeachtach reachtaíochta i ndáil le cosaint sonraí pearsana a éascú;

(b) chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a sholáthar i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsanta a chosaint, lena n-áirítear trí fhógra a thabhairt, trí ghearáin a chur ar aghaidh, trí chúnamh imscrúdaitheach agus malartú faisnéise, faoi réir coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile a chosaint;

(c) chun geallsealbhóirí ábhartha a chur i mbun díospóireachta agus i mbun gníomhaíochtaí atá dírithe ar chomhar idirnáisiúnta a chur chun cinn i bhforfheidhmiú reachtaíochta chun sonraí pearsana a chosaint;

(d) chun malartú agus doiciméadú reachtaíochta agus cleachtais um chosaint sonraí pearsanta a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le heasaontachtaí breithiúnacha le tríú tíortha.

Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(116) Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d'fhéadfaí daoine nádúrtha a chur i mbaol breise maidir lena gcumas cearta cosanta sonraí a fheidhmiú go háirithe chun iad féin a chosaint ar úsáid mhídhleathach nó nochtadh mídhleathach na faisnéise sin. Ag an am céanna, d'fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann gearáin a leanúint ná imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar lasmuigh dá dteorainneacha. D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfí isteach ar iarrachtaí na n-údarás sin a bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs trasteorann mar gheall ar easpa cumhachtaí coisctheacha nó feabhais, mar gheall ar shocruithe neamhréireacha dlí, agus,mar gheall ar bhacainní praiticiúla amhail srianta ó thaobh acmhainní. Dá bhrí sin, is gá comhar níos dlúithe a chur chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí chun cuidiú leo faisnéis a mhalartú agus imscrúduithe a dhéanamh lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a éascú agus a chur ar fáil chun forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht don chosaint ar shonraí pearsanta, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ar bhonn na cómhalartachta agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]