Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 40. Cóid iompair
Íoslódáil PDF

Airteagal 40 RGCS (GDPR). Cóid iompair

1. Tabharfaidh na Ballstáit, na húdaráis mhaoirseachta, an Bord agus an Coimisiún spreagadh chun cóid iompair a tharraingt suas a chuideoidh le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus sainairíonna na n-earnálacha éagsúla próiseála á gcur san áireamh mar aon le riachtanais sonracha na micreafhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide.

2. Féadfaidh comhlachais agus comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht do chatagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe cóid iompair a ullmhú, a leasú nó síneadh a chur leo chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shonrú, amhail i dtaca leis an méid seo a leanas:

Recitals

(89) I dTreoir 95/46/CE rinneadh foráil maidir le hoibleagáid ghinearálta chun fógra a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta faoin bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta. Cé go mbaineann ualaí riaracháin agus airgeadais leis an oibleagáid sin, níor chuidigh sí i gcónaí le cosaint sonraí pearsanta a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí ginearálta fánacha den sórt sin maidir le fógra a thabhairt a dhíothú, agus nósanna imeachta éifeachtacha agus sásraí éifeachtacha a chur ina n-ionad, ar nósanna imeachta agus sásraí iad lena gcuirfí béim ar na cineálacha oibríochtaí próiseála sin ar dócha go mbeadh ardriosca ag gabháil leo maidir le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar chineál, ar raon feidhme, ar chomhthéacs agus ar chuspóirí na n-oibríochtaí sin. Áirítear i gcineálacha oibríochtaí próiseála den sórt sin, go háirithe, na hoibríochtaí sin lena mbaintear úsáid as teicneolaíochtaí nua, nó na cinn ar de chineál nua iad agus nach bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta ag an rialaitheoir ina leith go fóill nó na cinn a bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí tagtha chun bheith riachtanach mar gheall ar an tréimhse ama a chuaigh thart ón uair a rinneadh an phróiseáil tosaigh i leith.

(90) I gcásanna den sórt sin, ba cheart don rialaitheoir measúnú tionchair a dhéanamh ar an gcosaint sonraí sula ndéanfar an phróiseáil, d'fhonn dóchúlacht faoi leith agus déine faoi leith an ardriosca sin a mheasúnú, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus foinsí an riosca á gcur san áireamh. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú tionchair sin, go háirithe, na bearta, na coimircí agus na sásraí a bheartaítear leis an riosca sin a mhaolú, agus é á áirithiú go gcosnaítear sonraí pearsanta agus comhlíonadh an Rialacháin seo á thaispeáint.

(a) próiseáil chothrom thrédhearcach;

(b) na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag rialaitheoirí i gcomhthéacsanna sonracha;

(c) bailiú sonraí pearsanta;

(d) ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta;

(e) an fhaisnéis a sholáthraítear don phobal agus d’ábhar sonraí;

(f) feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí;

(g) faisnéis a sholáthraítear do leanaí, agus cosaint leanaí, agus an bealach a ndéantar an toiliú a fháil ó shealbhóirí fhreagracht tuismitheora an linbh;

(h) na bearta agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24 agus in Airteagal 25 agus na bearta chun slándáil na próiseála dá dtagraítear in Airteagal 32 a áirithiú;

Téacsanna gaolmhara

(i) fógra faoi sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt d’údaráis mhaoirseachta agus na sáruithe sin i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl do na hábhair sonraí;

(j) sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó

(k) imeachtaí lasmuigh den chúirt agus nósanna imeachta eile um réiteach díospóide chun díospóidí idir rialaitheoirí agus ábhair sonraí i dtaca le próiseáil a réiteach, gan dochar do chearta na n-ábhar sonraí de bhun Airteagal 77 agus Airteagal 79.

Téacsanna gaolmhara

3. De bhreis ar rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir an Rialacháin seo do chloí leo, féadfaidh rialaitheoiri nó próiseálaíthe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo cloí le cóid iompair a fhormheastar de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus a bhfuil bailíocht ghinearálta acu de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe nach bhfuil faoi réir an Rialacháin seo de bhun Airteagal 3 na cóid sin a chomhlíonadh freisin d’fhonn na coimircí iomchuí a sholáthar faoi chuimsiú chreat aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na téarmaí dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 46(2). Déanfaidh rialaitheoirí nó próiseálaithe den sórt sin gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe, trí ionstraimí conarthacha nó trí ionstraimí eile atá ceangailteach ó thaobh dlí de, chun na coimircí iomchuí sin a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí.

Téacsanna gaolmhara

4. I gcód iompair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo beidh sásraí trína mbeidh an chomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 41(1) in ann faireachán éigeantach a dhéanamh féachaint an bhfuil a fhorálacha á gcomhlíonadh ag na rialaitheoirí agus ag na próiseálaithe a ghabhann orthu féin é a chur i bhfeidhm, gan dochar do chúraimí ná do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 nó 56.

Téacsanna gaolmhara

5. Comhlachais agus comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil sé beartaithe acu cód iompair a ullmhú nó cód iompair atá ann a leasú nó síneadh a chur leis, cuirfidh siad an dréachtchód, an leasú nó an síneadh faoi bhráid an údaráis mhaoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55. Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta tuairim faoin Rialachán seo a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis an dréachtchód, leis an leasú nó leis an síneadh, agus formhuineoidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh sin má chinneann sé go bhfuil coimircí iomchuí leordhóthanacha á gcur ar fáil aige.

6. I gcás ina bhformheastar an dréachtchód, an leasú nó an síneadh de bhun mhír 5, agus i gcás nach mbaineann an cód iompair lena mbaineann le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, cláróidh agus foilseoidh an t-údarás maoirseachta an cód.

7. I gcás ina mbaineann dréachtchód iompair le gníomhaíochtaí próiseála i roinnt Ballstát, déanfaidh an t-údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55 an cód a chur faoi bhráid an Bhoird, sula bhformheasfaidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 63 agus tabharfaidh an Bord tuairim an bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, an soláthraítear coimircí iomchuí leis.

Téacsanna gaolmhara

8. I gcás ina ndeimhnítear leis an tuairim dá dtagraítear i mír 7 go bhfuil an dréachtchód, an leasú nó an síneadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3, go gcuirtear coimircí iomchuí ar fáil leo, cuirfidh an Bord a thuairim faoi bhráid an Choimisiúin.

9. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh go mbeidh bailíocht ghinearálta san Aontas ag an cód iompair, an leasú nó an síneadh atá formheasta agus a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Téacsanna gaolmhara

10. Áiritheoidh an Coimisiún go bpoibleofar go cuí na cóid fhormheasta ar cinneadh bailíocht ghinearálta a bheith ag baint leo i gcomhréir le mír 9.

11. Déanfaidh an Bord na cóid iompair, na leasuithe agus na síntí uile atá formheasta a thiomsú i gclár agus cuirfidh sé ar fáil don phobal iad trí bhíthin bealaí iomchuí.

ISO 27701 Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27001, section 4.1.

Here is the relevant paragraph to article 40 GDPR:

5.2.1 Understanding the organization and its context

The organization shall include among its interested parties (see ISO/IEC 27001:2013, 4.2), those parties having interests or responsibilities associated with the processing of PII, including the PII principals.

(EN) […]


to read the full text

Recitals

(98) Ba cheart comhlachais nó comhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe a spreagadh cóid iompair a tharraingt suas, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, ionas go n-éascófar cur chun feidhme an Rialacháin seo, ag cur san áireamh shaintréithe sonracha na próiseála a dhéantar in earnálacha áirithe agus riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide. Le cóid iompair den sórt sin, d'fhéadfaí go háirithe na hoibleagáidí atá ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe a chalabrú, agus an riosca ar dócha a thiocfaidh as an bpróiseáil á chur san áireamh, ar riosca é atá ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha.

(99) Agus cód iompair á tharraingt suas, nó nuair a bheadh cód den sórt sin á leasú nó á leathnú, ba cheart do chomhlachais agus do chomhlachtaí eile a dhéanann ionadaíocht thar ceann catagóirí rialaitheoirí nó próiseálaithe dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ábhair sonraí nuair is féidir, agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar aighneachtaí a gheofar agus tuairimí a léireofar mar fhreagra ar na comhairliúcháin sin.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]