Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 35. Measúnú tionchair ar chosaint sonraí
Íoslódáil PDF

Airteagal 35 RGCS (GDPR). Measúnú tionchair ar chosaint sonraí

1. I gcás inar dóchúil go dtarlódh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha de bharr chineál na próiseála, go háirithe próiseáil ina n-úsáidfí nuatheicneolaíochtaí, déanfaidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an phróiseáil, measúnú ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a bheartaítear a dheanamh ar chosaint na sonraí pearsanta, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh. Le measúnú aonair, féadfar tabhairt faoi shraith d’oibríochtaí próiseála comhchosúla a bhfuil ardrioscaí comhchosúla ag baint leo.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII processors.

Here is the relevant paragraph to articles 35(1) GDPR:

8.2.1 Customer agreement

Control

The organization should ensure, where relevant, that the contract to process PII addresses the organization’s role in providing assistance with the customer’s obligations (taking into account the nature of processing and the information available to the organization).

Implementation guidance

The contract between the organization and the customer should include the following wherever relevant, and depending on the customer’s role (PII controller or PII processor) (this list is neither definitive nor exhaustive):

(EN) […]


to read the full text

Téacsanna gaolmhara

2. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an oifigeach cosanta sonraí, má tá ceann ceaptha, agus measúnú tionchair ar chosaint sonraí á dhéanamh.

3. An measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 1, beidh gá leis go háirithe i gcásanna:

(a) meastóireacht chórasach, chuimsitheach a bheith á déanamh ar na gnéithe pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha, ar measúnú é atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe lena n-áirítear próifíliú, agus a mbeidh cinntí á mbunú air a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla acu do dhuine nádúrtha nó a mbeidh éifeachtaí suntasacha comhchosúla acu ar an duine nádúrtha;

(b) próiseáil mhórscála ar chatagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), nó ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10; nó

Téacsanna gaolmhara

(c) faireachán córasach mórscála ar limistéir atá inrochtana don phobal.

4. Bunóidh an t-údarás maoirseachta liosta de na cineálacha oibríochtaí próiseála atá faoi réir an cheanglais maidir le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sé an liosta sin ar fáil don phobal. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord dá dtagraítear in Airteagal 68.

Téacsanna gaolmhara

5. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta liosta a leagan amach agus a chur ar fáil go poiblí de na cineálacha oibríochtaí próiseála nach gá measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh ina leith. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta na liostaí sin chuig an mBord.

6. Sula nglacfar na liostaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63 i bhfeidhm i gcás ina bhfuil baint ag an liosta le gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil d’ábhair sonraí, nó a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar iompar na ndaoine sin i mBallstáit éagsúla, nó i gcás ina bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí próiseála a d’fhéadfadh cur isteach ar shaorghluaiseacht sonraí pearsanta san Aontas.

Téacsanna gaolmhara

7. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mheasúnú:

(a) tuairisc chórasach ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe agus críocha na próiseála agus, más infheidhme, na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir;

(b) measúnú ar riachtanas agus comhréireacht na n-oibríochtaí próiseála i gcomhréir leis na críocha;

(c) measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus

(d) na bearta a cheaptar a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, lena n-áirítear coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, cearta agus leasanna dlisteanacha ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann á gcur san áireamh.

8. Maidir leis na rialaitheoirí agus na próiseálaithe ábhartha a bheith ag comhlíonadh na gcód iompair formheasta dá dtagraítear in Airteagal 40, cuirfear é sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála a dhéanann na rialaitheoirí nó na próiseálaithe sin, go háirithe chun críocha measúnú tionchair ar chosaint sonraí.

9. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an rialaitheoir ar ábhair sonraí nó ar a n-ionadaithe a dtuairimí a thabhairt maidir leis an bpróiseáil atá beartaithe, gan dochar do chosaint leasanna tráchtála nó poiblí ná do shlándáil oibríochtaí próiseála.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27001, section 4.2.

Here is the relevant paragraph to article 35(9) GDPR:

5.2.2 Understanding the needs and expectations of interested parties

The organization shall include among its interested parties (see ISO/IEC 27001:2013, 4.2), those parties having interests or responsibilities associated with the processing of PII, including the PII principals.

(EN) […]


to read the full text

10. I gcás ina bhfuil bunús dlí ag an bpróiseáil de bhun phointe (c) nó (e) d’Airteagal 6(1) i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit ar faoina réir atá an rialaitheoir, agus go rialaíonn an dlí sin an oibríocht próiseála shonrach nó an sraith d’oibríochtaí atá i gceist, agus ina bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta cheana mar chuid de mheasúnú ginearálta tionchair i gcomhthéacs ghlacadh an bhunúis dlí sin, ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 7, mura measann na Ballstáit go bhfuil sé riachtanach measúnú den sórt sin a dhéanamh sula rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí próiseála.

Téacsanna gaolmhara

11. I gcás inar gá, déanfaidh an rialaitheoir athbhreithniú chun a mheas an bhfuil an phróiseáil á déanamh i gcomhréir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí, ar a laghad nuair a bhíonn athrú sa riosca a bhaineann le hoibríochtaí próiseála.

ISO 27701 Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraph to article 35 GDPR:

7.2.5 Privacy impact assessment

Control

The organization should assess the need for, and implement where appropriate, a privacy impact assessment whenever new processing of PII or changes to existing processing of PII is planned.

Implementation guidance

PII processing generates risks for PII principals. These risks should be assessed through a privacy impact assessment.

(EN) […]


to read the full text

Recitals

(75) Maidir leis na rioscaí i dtaca le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad lena ngabhann dóchúlacht agus déine éagsúil, mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta as damáiste fisiciúil, ábhartha nó neamhábhartha, go háirithe sna cásanna seo a leanas: i gcás ina n-eascródh idirdhealú, goid aitheantais nó calaois aitheantais, caillteanas airgeadais, damáiste don chlú, caillteanas rúndacht na sonraí pearsanta sin atá faoi chosaint de réir rúndacht ghairmiúil, aisiompú neamhúdaraithe cur i bhfeidhm ainm bréige, nó aon mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó sóisialta eile atá suntasach as an bpróiseáil; i gcás ina bhféadfadh sé go ndéanfaí cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a cheilt orthu nó go gcoisfí iad ó rialú a dhéanamh ar fheidhmiú a gcuid sonraí pearsanta; i gcás ina ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le ciontuithe coiriúla agus cionta nó le bearta slándála gaolmhara; i gcás ina ndéantar meastóireacht ar ghnéithe pearsanta, go háirithe anailísiú nó tuar ar ghnéithe maidir le feidhmiú ag an obair, maidir leis an staid eacnamaíoch, sláinte, roghanna nó leas pearsanta, iontaofacht nó iompraíocht, suíomh nó gluaiseachtaí, chun próifílí pearsanta a chruthú nó a úsáid; i gcás ina ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta daoine nádúrtha leochaileacha, go háirithe leanaí; nó i gcás ina bhfuil cainníocht mhór sonraí pearsanta i gceist leis an bpróiseáil agus ina mbíonn tionchar ag an bpróiseáil sin ar líon mór ábhar sonraí.

(84) D'fhonn feabhas a chur ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, i gcás inar dócha, leis na hoibríochtaí próiseála, go mbeadh ardriosca ann i dtaca le cearta agus saoirsí na ndaoine nádúrtha, ba cheart don rialaitheoir a bheith freagrach as measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh go háirithe ar thionscnamh, ar chineál, ar leithleachas agus ar dhéine an riosca sin. Ba cheart toradh an mheasúnaithe a chur san áireamh agus na bearta iomchuí á gcinneadh, ar bearta iad a dhéantar chun a thaispeáint go gcomhlíonann an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta an Rialachán seo. I gcás ina léirítear le measúnú tionchair ar chosaint sonraí go mbaineann ardriosca le hoibríochtaí próiseála nach féidir leis an rialaitheoir a mhaolú trí bhearta iomchuí ó thaobh na teicneolaíochta atá ar fáil agus na gcostas a bhaineann leis an gcur chun feidhme, ba cheart dul i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéantar an phróiseáil.

(89) I dTreoir 95/46/CE rinneadh foráil maidir le hoibleagáid ghinearálta chun fógra a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta faoin bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta. Cé go mbaineann ualaí riaracháin agus airgeadais leis an oibleagáid sin, níor chuidigh sí i gcónaí le cosaint sonraí pearsanta a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí ginearálta fánacha den sórt sin maidir le fógra a thabhairt a dhíothú, agus nósanna imeachta éifeachtacha agus sásraí éifeachtacha a chur ina n-ionad, ar nósanna imeachta agus sásraí iad lena gcuirfí béim ar na cineálacha oibríochtaí próiseála sin ar dócha go mbeadh ardriosca ag gabháil leo maidir le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar chineál, ar raon feidhme, ar chomhthéacs agus ar chuspóirí na n-oibríochtaí sin. Áirítear i gcineálacha oibríochtaí próiseála den sórt sin, go háirithe, na hoibríochtaí sin lena mbaintear úsáid as teicneolaíochtaí nua, nó na cinn ar de chineál nua iad agus nach bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta ag an rialaitheoir ina leith go fóill nó na cinn a bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí tagtha chun bheith riachtanach mar gheall ar an tréimhse ama a chuaigh thart ón uair a rinneadh an phróiseáil tosaigh i leith.

(90) I gcásanna den sórt sin, ba cheart don rialaitheoir measúnú tionchair a dhéanamh ar an gcosaint sonraí sula ndéanfar an phróiseáil, d'fhonn dóchúlacht faoi leith agus déine faoi leith an ardriosca sin a mheasúnú, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála agus foinsí an riosca á gcur san áireamh. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú tionchair sin, go háirithe, na bearta, na coimircí agus na sásraí a bheartaítear leis an riosca sin a mhaolú, agus é á áirithiú go gcosnaítear sonraí pearsanta agus comhlíonadh an Rialacháin seo á thaispeáint.

(91) Ba cheart feidhm a bheith aige sin, go háirithe, maidir le hoibríochtaí próiseála ar mhórscála, lena ndírítear ar mhéid mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta nó fornáisiúnta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar líon mór ábhar sonraí agus ar dócha go mbaineann ardriosca leo, mar shampla, mar gheall ar a n-íogaireacht, i gcás ina ndéantar, i gcomhréir le staid an eolais teicneolaíochta a baineadh amach, teicneolaíocht nua a úsáid ar mhórscála chomh maith le hoibríochtaí próiseála eile, a ngabhann ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí leo, go háirithe i gcás ina mbíonn sé níos deacra d'ábhair sonraí a gcearta a fheidhmiú mar gheall ar na hoibríochtaí sin. Ba cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh freisin i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun cinntí maidir le daoine sonracha nádúrtha a ghlacadh tar éis aon mheastóireacht chórasach agus chuimsitheach a dhéanamh ar ghnéithe pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha atá bunaithe ar na sonraí sin a phróifíliú nó tar éis catagóirí speisialta sonraí pearsanta, sonraí bithmhéadracha nó sonraí i ndáil le ciontuithe coiriúla agus le cionta nó le bearta slándála a phróiseáil. Éilítear measúnú tionchair ar chosaint sonraí freisin d'fhonn faireachán a dhéanamh, ar mhórscála, ar réimsí a bhfuil rochtain phoiblí orthu, go háirithe nuair atá feistí optacha leictreonacha á n-úsáid nó i gcomhair oibríochtaí eile ar bith ina meastar don údarás inniúil maoirseachta gur dócha go mbeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí ag gabháil leis an bpróiseáil, go háirithe de bhrí go gcoisctear leo na hábhair sonraí ceart a fheidhmiú nó seirbhís nó conradh a úsáid, nó de bhrí go gcuirtear i gcrích iad go córasach nó ar mhórscála. Níor cheart a mheas gur ar mhórscála a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás lia aonair, gairmí cúraim sláinte aonair nó dlíodóir aonair a dhéanann sonraí pearsanta othar nó cliant a phróiseáil. I gcásanna den sórt sin, níor cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí a bheith éigeantach.

(92) Tá cásanna áirithe ann ina bhféadfadh sé go mbeadh sé réasúnta agus tíosach go mbeadh an t-ábhar de mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí níos leithne ná tionscadal amháin, i gcás, mar shampla, ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí feidhmchlár coiteann nó clár coiteann próiseála a chur ar bun nó ina bhfuil sé beartaithe ag roinnt rialaitheoirí feidhmchlár coiteann nó timpeallacht choiteann próiseála a thabhairt isteach in earnáil tionscail nó i roinn tionscail trí chéile nó le haghaidh gníomhaíocht chothrománach atá in úsáid go forleathan.

(93) I gcomhthéacs ghlacadh an dlí Ballstáit ar a bhfuil comhlíonadh chúraimí an údaráis phoiblí nó an chomhlachta phoiblí bunaithe agus lena rialaítear an oibríocht shonrach próiseála nó sraith d'oibríochtaí i gceist, féadfaidh na Ballstáit a mheas gur gá measúnú den sórt sin a dhéanamh sula ndéantar na gníomhaíochtaí próiseála.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]