Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 27. Ionadaithe do rialaitheoirí nódo phróiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas
Íoslódáil PDF

Airteagal 27 RGCS (GDPR). Ionadaithe do rialaitheoirí nódo phróiseálaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas

1. I gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 3(2), déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí ionadaí a ainmniú, i scríbhinn, san Aontas.

Téacsanna gaolmhara

2. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leid an méid seo a leanas:

(a) próiseáil a dhéantar go hócáideach agus nach n-áirítear leis sin, ar mhórscála, próiseáil catagóirí speisialta sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 agus nach dóigh go mbeidh riosca ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine, ag féachaint do chineál, do raon feidhme agus do chríocha na próiseála; nó

Téacsanna gaolmhara

(b) údarás nó comhlacht poiblí.

3. Beidh an t-ionadaí bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina bhfuil na hábhair sonraí a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta i ndáil le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil dóibh, nó a ndéantar faireachán ar a n iompar.

4. Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sainordú go rachaidh na húdaráis mhaoirseachta agus na hábhair sonraí go háirithe, de bhreis ar an rialaitheoir nó an próiseálaí nó ina n-ionad siúd, i dteagmháil leis an ionadaí maidir leis na saincheisteanna uile a bhaineann leis an bpróiseáil, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

5. Ní dochar do chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne an rialaitheora féin nó an phróiseálaí féin an rialaitheoir nó an próiseálaí do cheapadh ionadaí.

ISO 27701 Recitals Leave a comment
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27002, section 6.1.1.

Here is the relevant paragraph to article 27 GDPR:

6.3.1.1 Information security roles and responsibilities

Implementation guidance

The organization should designate a point of contact for use by the customer regarding the processing of PII. When the organization is a PII controller, designate a point of contact for PII principals regarding the processing of their PII (see 7.3.2).

The organization should appoint one or more persons responsible for developing, implementing, maintaining and monitoring an organization-wide governance and privacy program, to ensure compliance with all applicable laws and regulations regarding the processing of PII.

(EN) […]


to read the full text

Recitals

(80) I gcás ina bhfuil rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ag próiseáil sonraí pearsanta ábhar sonraí agus atá san Aontas, a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le hearraí nó seirbhísí a thairiscint, cé acu a n-éilítear nó nach n-éilítear íocaíocht ón ábhar sonraí, d'ábhair sonraí san Aontas, nó a mbaineann a ghníomhaíochtaí próiseála nó a gníomhaíochtaí próiseála le faireachán a dhéanamh ar iompar na n-ábhar sonraí a mhéid atá an t-iompar sin ar bun laistigh den Aontas, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí ionadaí a cheapadh, ach amháin má tá an phróiseáil ócáideach, nach n-áirítear léi próiseáil, ar scála mór, catagóirí speisialta sonraí pearsanta ná an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta, agus nach dócha go mbeadh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh uirthi, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus críocha na próiseála nó más údarás poiblí nó comhlacht poiblí é an rialaitheoir á gcur san áireamh. Ba cheart don ionadaí gníomhú thar ceann an rialaitheora nó an phróiseálaí agus féadfaidh aon údarás maoirseachta cumarsáid a dhéanamh leis. Ba cheart an t-ionadaí a cheapadh go sainráite trí shainordú i scríbhinn ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí chun gníomhú ar a shon maidir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. Ní dhéanann ceapadh ionadaí den sórt sin difear d'fhreagracht ná do dhliteanas an rialaitheora nó an phróiseálaí faoin Rialachán seo. Ba cheart d'ionadaí den sórt sin a chúraimí a chomhlíonadh de réir an tsainordaithe a fuarthas ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí, lena n-áirítear comhoibriú leis na húdaráis inniúla mhaoirseachta maidir le haon ghníomh a dhéantar chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart an t-ionadaí a cheaptar a bheith faoi réir imeachtaí forfheidhmithe i gcás neamh-chomhlíonadh an rialaitheora nó an phróiseálaí.

Leave a comment
[js-disqus]