Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 25. Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú
Íoslódáil PDF

Airteagal 25 RGCS (GDPR). Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú

1. Agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, déanfaidh an rialaitheoir, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27002, section 14.2.1.

Here is the relevant paragraphs to article 25(1) GDPR:

6.11.2.1 Secure development policy

Implementation guidance

Policies for system development and design should include guidance for the organization’s processing of PII needs, based on obligations to PII principals and/or any applicable legislation and/or regulation and the types of processing performed by the organization. Clauses 7 and 8 provide control considerations for processing of PII, which can be useful in developing policies for privacy in systems design.

(EN) […]


to read the full text

Téacsanna gaolmhara

2. Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí a bhailítear, an oiread próiseálaa dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraph to article 25(2) GDPR:

7.4.2 Limit processing

Control

The organization should limit the processing of PII to that which is adequate, relevant and necessary for the identified purposes.

(EN) […]


to read the full text

Dlí Treoirlínte & Cásanna Téacsanna gaolmhara

3. Féadfar leas a bhaint as sásra formheasta deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27001, section 4.1.

Here is the relevant paragraph to article 25(3) GDPR:

5.2.1 Understanding the organization and its context

The organization shall include among its interested parties (see ISO/IEC 27001:2013, 4.2), those parties having interests or responsibilities associated with the processing of PII, including the PII principals.

(EN) […]


to read the full text

Téacsanna gaolmhara
Tráchtaireacht Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Tráchtaireacht
Recitals

(78) Le cosaint ceart agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, ceanglaítear go ndéantar bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo. Chun a bheith in ann comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir beartais inmheánacha a ghlacadh agus bearta a chur chun feidhme lena gcomhlíontar go háirithe prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus prionsabal na cosanta sonraí mar réamhshocrú. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na bearta sin, inter alia, an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a laghdú, ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta a luaithe agus is féidir, trédhearcacht maidir le feidhmeanna agus próiseáil sonraí pearsanta, cur ar chumas an ábhair sonraí faireachán a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí, cur ar chumas an rialaitheora gnéithe slándála a chruthú agus a fheabhsú. Agus feidhmchláir, seirbhísí agus táirgí á bhforbairt, á gceapadh, á roghnú agus á n-úsáid atá bunaithe ar phróiseáil sonraí pearsanta nó lena bpróiseáiltear sonraí pearsanta lena dtásc a chomhlíonadh, ba cheart táirgeoirí na dtáirgí, na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár a spreagadh chun an ceart maidir le cosaint sonraí a chur san áireamh agus táirgí, seirbhísí agus feidhmchláir mar sin á bhforbairt agus á gceapadh acu, agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar an úrscothacht, lena chinntiú go mbeidh rialaitheoirí agus próiseálaithe in ann a n-oibleagáidí maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Ba cheart prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú a chur san áireamh i gcomhthéacs tairiscintí poiblí.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]