Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 1. Ábhar agus cuspóirí
Íoslódáil PDF

Airteagal 1 RGCS (GDPR). Ábhar agus cuspóirí

1. Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

2. Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

3. Ní chuirfear srian le saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ná ní chuirfear toirmeasc uirthi ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta.

Recitals Leave a comment
Recitals

(1) Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

(2) Ba cheart do na prionsabail agus do na rialacha maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha na ndaoine nádúrtha sin a urramú, is cuma cén náisiúntacht atá acu nó cén áit a bhfuil cónaí orthu, go háirithe a gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. Leis an Rialachán seo, tá sé beartaithe cur le limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus aontas eacnamaíoch a bhaint amach, agus le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta, le neartú agus cóineasú na ngeilleagar laistigh den mhargadh inmheánach, agus le dea-bhail daoine nádúrtha.

(3) Le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), féachtar le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chomhchuibhiú i ndáil le gníomhaíochtaí próiseála agus féachtar le saorshreabhadh sonraí pearsanta a áirithiú idir na Ballstáit.

(4) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:1995:281:TOC

(4) Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine. Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáidí, urraim ar chosaint sonraí pearsanta do dhéanamh, an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, agus an ceart i leith éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga.

(5) Méadaíodh na sreabha trasteorann sonraí pearsanta go mór mar gheall ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a tharla mar thoradh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá méadú tagtha ar an méid sonraí pearsanta a mhalartaítear idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear daoine nádúrtha, comhlachais agus gnóthais ar fud an Aontais. Le dlí an Aontais iarrtar ar údaráis náisiúnta sna Ballstáit dul i gcomhar lena chéile agus sonraí pearsanta a mhalartú le go bhféadfaidh siad a ndualgais a chomhlíonadh nó cúraimí a dhéanamh thar ceann údarás i mBallstát eile.

(6) Tá forbairtí meara teicneolaíocha agus an domhandú tar éis dúshláin nua a chruthú do chosaint sonraí pearsanta. Tá méadú suntasach tagtha ar bhailiú agus ar chomhroinnt sonraí pearsanta. A bhuí leis an teicneolaíocht, is féidir le cuideachtaí príobháideacha agus le húdaráis phoiblí araon sonraí pearsanta a úsáid ar scála níos mó ná riamh roimhe chun a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú. Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an méid faisnéise pearsanta a chuireann daoine nádúrtha ar fáil go poiblí agus ar fud an domhain. Tá an geilleagar agus ár saol sóisialta araon athraithe ó bhonn ag an teicneolaíocht agus ba cheart, leis an teicneolaíocht, an saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas agus aistriú sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú tuilleadh freisin, agus ardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta á áirithiú ag an am céanna.

(7) Leis na forbairtí sin, teastaíonn creat láidir agus níos comhtháite le haghaidh cosaint sonraí san Aontas, a mbeidh forfheidhmiú láidir mar bhunús leis, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé an mhuinín a chothú a chuirfidh ar chumas an gheilleagair dhigitigh forbairt ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart rialú a bheith ag daoine nádúrtha ar a gcuid sonraí pearsanta féin. Ba cheart deimhneacht dhlíthiúil agus deimhneacht phraiticiúil a fheabhsú do dhaoine nádúrtha, d'oibreoirí eacnamaíocha agus d'údaráis phoiblí.

(8) I gcás ina bhforáiltear sa Rialachán seo go ndéanfar na rialacha atá ann a shonrú nó a shrianadh le dlí Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit, a mhéid is gá sin ar mhaithe leis an gcomhchuibheas agus le go mbeidh na forálacha náisiúnta intuigthe do na daoine sin a mbeidh feidhm acu ina leith, gnéithe den Rialachán seo a ionchorprú ina ndlí náisiúnta.

(9) Tá cuspóirí agus prionsabail Threoir 95/46/CE fónta i gcónaí, ach níor éirigh léi an ilroinnt a chosc sa dóigh a gcuirtear cosaint sonraí chun feidhme ar fud an Aontais, ná níor éirigh léi an éiginnteacht dhlíthiúil a chosc ná tuiscint choiteann an phobail gurb ann do rioscaí suntasacha do dhaoine nádúrtha, go háirithe iad sin i dtaca le gníomhaíocht ar líne. Aon difríochtaí sa leibhéal cosanta do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, sna Ballstáit i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil, féadfaidh siad an saorshreabhadh sonraí pearsanta ar fud an Aontais a chosc. D'fhéadfadh na difríochtaí sin a bheith ina mbacainn ar shaothrú gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar leibhéal an Aontais, d'fhéadfaidís an iomaíocht a shaobhadh agus bac a chur ar údaráis i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí faoi dhlí an Aontais. Tá difríocht den sórt sin sna leibhéil cosanta ann toisc go bhfuil difríochtaí ann sa chaoi inar cuireadh Treoir 95/46/CE chun feidhme agus i bhfeidhm.

(10) Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun go gcomhlíonfaí oibleagáid dhlíthiúil, chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit forálacha náisiúnta a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha atá sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh. I gcomhar leis an dlí ginearálta agus cothrománach maidir le cosaint sonraí lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme, tá roinnt dlíthe earnáil-shonracha ag na Ballstáit i réimsí ina bhfuil gá le forálacha níos sonraí. Déantar foráil sa Rialachán seo freisin go mbeadh lamháil solúbthachta ag na Ballstáit chun a rialacha a shainiú, lena n-áirítear a rialacha a shonrú maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta (“sonraí íogaire”) a phróiseáil. Sa mhéid sin, ní eisiann an Rialachán seo dlí Ballstáit lena leagtar amach na dálaí le haghaidh cásanna sonracha próiseála, lena n-áirítear na coinníollacha a chinneadh ar bhealach níos cruinne faoina bhfuil an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta dlíthiúil.

(11) D'fhonn sonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach ar fud an Aontais, tá gá le cearta na n-ábhar sonraí agus oibleagáidí na ndaoine sin a dhéanann sonraí pearsanta a phróiseáil, nó a chinneann an phróiseáil sin a dhéanamh, a neartú agus a leagan amach go mionsonrach, mar aon le cumhachtaí coibhéiseacha chun faireachán a dhéanamh agus chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, agus tá gá le pionóis choibhéiseacha do sháruithe sna Ballstáit.

(12) Le hAirteagal 16(2) CFAE, tugtar sainordú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na rialacha a leagan síos maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus na rialacha a leagan síos maidir le saorghluaiseacht sonraí pearsanta.

(13) Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha ar fud an Aontais agus chun dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta laistigh den mhargadh inmheánach a chosc, is gá Rialachán a ghlacadh chun deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, agus chun an leibhéal céanna de chearta atá in-fhorfheidhmithe ó thaobh dlí a sholáthar do dhaoine nádúrtha sna Ballstáit uile, agus oibleagáidí agus freagrachtaí a sholáthar do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe, chun faireachán comhsheasmhach ar phróiseáil sonraí pearsanta agus pionóis choibhéiseacha a áirithiú i ngach Ballstát chomh maith le comhar éifeachtach idir údaráis mhaoirseachta na mBallstát éagsúil. Ar mhaithe le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ní chuirtear srian le saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas ná ní chuirtear toirmeasc uirthi ar chúiseanna a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Chun cás sonrach na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide a chur san áireamh, áirítear sa Rialachán seo maolú maidir le heagraíochtaí a bhfuil níos lú ná 250 fostaí acu i ndáil le coimeád taifead. Ina theannta sin, moltar d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais, agus do na Ballstáit agus dá n-údaráis mhaoirseachta riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Ba cheart do choincheap na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide spreagadh a fháil ó Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (5).

(5) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2003:124:TOC

Leave a comment
[js-disqus]