Navigation
GDPR > Aithris 67
Download PDF

Aithris 67

(67) I modhanna chun srian a chur leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta, d’fhéadfaí a áireamh, inter alia, na sonraí a roghnaítear a aistriú go sealadach chuig córas eile próiseála, rud a chuirfeadh na sonraí pearsanta a roghnaítear ar fáil d’úsáideoirí, nó na sonraí a foilsíodh a bhaint de shuíomh gréasáin ar bhonn sealadach.

I gcórais chomhdúcháin uathoibrithe, is trí bhealach teicniúil ba cheart an srianadh ar phróiseáil sonraí pearsanta a áirithiú i bprionsabal ar shlí nach bhfuil na sonraí pearsanta faoi réir tuilleadh oibríochtaí próiseála agus nach féidir iad a athrú.

Ba cheart a léiriú go soiléir sa chóras go bhfuil srian ar shonraí pearsanta a phróiseáil.