Navigation
GDPR > Aithris 49
Download PDF

Aithris 49

(49) An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a mhéid atá sé sin fíor-riachtanach agus comhréireach chun slándáil líonra agus faisnéise a áirithiú, i.

e.

an cumas atá i líonra nó i gcóras faisnéise, ar leibhéal áirithe muiníne, seasamh i gcoinne eachtraí a tharlaíonn de thaisme nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó mailíseacha a chuireann isteach ar infhaighteacht, ar bharántúlacht, ar shláine agus ar rúndacht sonraí pearsanta atá stóráilte nó tarchurtha, agus ar shlándáil na seirbhísí gaolmhara atá á dtairiscint ag na líonraí agus na córais sin, ag údaráis phoiblí, ag foirne práinnfhreagartha ríomhaireachta (CERTanna), ag foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhaireachta (CSIRTanna), ag soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus ag soláthraithe teicneolaíochtaí agus seirbhísí slándála, nó slándáil na seirbhísí gaolmhara atá inrochtana tríothu sin, is é atá i gceist leis an bpróiseáil sin leas dlisteanach de chuid an rialaitheora sonraí lena mbaineann.

D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, rochtain neamhúdaraithe ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus dáileadh mailíseach cód a chosc agus stop a chur le hionsaithe “diúltaithe seirbhíse” agus le damáiste do ríomhchórais agus do chórais chumarsáide leictreonaí.