Navigation
GDPR > Aithris 48
Download PDF

Aithris 48

(48) Féadfaidh leas dlisteanach a bheith ag rialaitheoirí, ar cuid de ghrúpa gnóthas nó institiúidí atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach iad, i sonraí pearsanta a tharchur laistigh den ghrúpa gnóthas chun críocha an riaracháin inmheánaigh, lena n-áirítear sonraí pearsanta cliant nó fostaithe a phróiseáil.

Ní dhéantar aon difear do na prionsabail ghinearálta a bhaineann le tarchur sonraí pearsanta, laistigh de ghrúpa gnóthas, chuig gnóthas atá lonnaithe i dtríú tír.