Navigation
GDPR > Aithris 133
Download PDF

Aithris 133

(133) Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta cuidiú le chéile i dtaca lena gcúraimí a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú sa mhargadh inmheánach.

Féadfaidh údarás maoirseachta a iarrann cúnamh frithpháirteach beart sealadach a ghlacadh más rud é nach bhfaigheann sé aon fhreagra ar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach laistigh de mhí amháin tar éis dó an iarraidh sin a fháil ón údarás maoirseachta eile.