Navigation
GDPR > Aithris 109
Download PDF

Aithris 109

(109) Cé go bhféadfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí úsáid a bhaint as clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún nó ag údarás maoirseachta, níor cheart go dtuigfí leis sin nach féidir le rialaitheoirí ná le próiseálaithe na clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí a chur san áireamh i gconradh níos leithne, amhail i gconradh idir an próiseálaí agus próiseálaí eile, ná nach féidir leo clásail eile ná coimircí breise a chur isteach fad nach dtiocfaidh siad salach, go díreach ná go hindíreach, ar na clásail chonarthacha chaighdeánacha arna nglacadh ag an gCoimisiún nó ag údarás maoirseachta ar choinníoll nach ndéanfaidh siad dochar do chearta ná do shaoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí do na sonraí.

Ba cheart rialaitheoirí agus próiseálaithe a spreagadh coimircí breise a chur ar fáil trí ghealltanais chonarthacha lena ndéanfaí clásail chaighdeánacha maidir le cosaint a fhorlíonadh.