Nawigacja
RODO > Airteagal 93. An nós imeachta coiste
Pobierz jako plik PDF

Airteagal 93 RGCS (GDPR). An nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Motywy zostaw komentarz
Motywy

(167) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nuair a fhoráiltear dóibh sin sa Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhearta sonracha do mhicrifhiontair, d'fhiontair bheaga agus d'fhiontair mheánmhéide.

(168) Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le clásail chaighdeánacha chonarthacha idir rialaitheoirí agus próiseálaithe agus idir próiseálaithe; le cóid iompair; le caighdeáin theicniúla agus sásraí deimhniúcháin; le leibhéal cosanta leordhóthanach a bheith ar fáil i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, nó in eagraíocht idirnáisiúnta; le clásail chaighdeánacha maidir le cosaint; le formáidí agus nósanna imeachta chun faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha; le cúnamh frithpháirteach; agus leis na socruithe le haghaidh faisnéis a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord.

(169) Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é go nochtar leis an bhfianaise atá ar fáil nach ndéanann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe sa tríú tír sin nó eagraíocht idirnáisiúnta leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú, agus go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne.

zostaw komentarz
[js-disqus]