1. Tarraingeoidh an Bord suas tuarascáil bhliantúil ar chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil san Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
2. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil athbhreithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 70(1), chomh maith leis na cinntí ceangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 65.
2. Gan dochar d’iarrataí ón gCoimisiún dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 70(1) agus Airteagal 70(2), ní dhéanfaidh an Bord Eorpach, i bhfeidhmiú a chúraimí nó a chumhachtaí, treoracha a iarraidh ná a fháil ó aon duine.
1. Áiritheoidh an Bord go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Chuige sin, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, nó, i gcás inarb ábhartha, arna iarraidh sin don Choimisiún, an méid seo leanas go háirithe:
(b) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tsaincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta san Aontas, lena n-áirítear aon leasuithe atá beartaithe maidir leis an Rialachán seo;
[…]
2. I gcás ina n-iarrann an Coimisiún comhairle ar an mBord, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.
[…]
An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS, GDPR)