Navigering
GDPR > Airteagal 80. Ionadaíocht d'ábhair sonraí
Hämta PDF

Airteagal 80 RGCS (GDPR). Ionadaíocht d'ábhair sonraí

1. Beidh an ceart ag an ábhar sonraí sainordú a thabhairt do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach, atá comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtacha chun leas an phobail aige nó aici, agus atá gníomhach sa réimse cosanta sonraí ó thaobh cearta agus saoirsí aahr sonraí a chosaint i ndáil lena sonraí pearsanta a chosaint, ar sainordú é chun an gearán a thaisceadh ar a shon nó ar a son, chun na cearta dá dtagraítear in Airteagal 77, in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú ar a shon nó ar a son, agus chun an ceart cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 82 a fháil ar a shon nó ar a son i gcás ina bhforáiltear dó dó sin le dlí Ballstáit.

Relaterade texter

2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil sé de cheart ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, gearán a thaisceadh leis an údarás maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 77, sa Bhallstát sin, agus na cearta dá dtagraítear in Airteagal 78 agus in Airteagal 79 a fheidhmiú má mheasann sé gur sáraíodh cearta ábhair sonraí faoin Rialachán seo mar thoradh ar an bpróiseáil.

Relaterade texter
Skälen Lämna en kommentar
Skälen

(142) I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici sainordú a thabhairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtúla chun leas an phobail aige nó aici agus atá gníomhach sa réimse maidir le sonraí pearsanta a chosaint, gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta ar a shon nó ar a son, agus ba cheart an ceart a bheith aige nó aici an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú ar son ábhar sonraí nó an ceart chun cúiteamh a fháil ar son ábhar sonraí, má dhéantar foráil don chás deireanach sin i ndlí Ballstáit. Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag comhlacht, ag eagraíocht nó ag comhlachas den sórt sin gearán a thaisceadh sa Bhallstát sin, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, i mBallstát den sórt sin, agus go mbeadh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil aige nó aici i gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena meas gur sáraíodh cearta ábhair sonraí mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta a sháraíonn an Rialachán seo. Ní fhéadfaidh an comhlacht, an eagraíocht nó an comhlachas sin cúiteamh a éileamh thar ceann an ábhair sonraí go neamhspleách ar shainordú an ábhair sonraí.

Lämna en kommentar
[js-disqus]